Pléann Lorraine Stack na cúiseanna a bhfuil ganntanas múinteoirí Gaeilge i meánscoileanna ár dtíre.

Mol an óige agus tiocfaidh sí, tar éis an tsaoil, cad atá ionainn mar thír gan ár n-óg? Ní gá dúinn machnamh a dhéanamh ar an gceist, nach iontu a chuirimid ár ndóchas go mairfidh teanga agus cultúr na hÉireann amach anseo?  Buaileann óige na tíre leis an nGaeilge nuair nach bhfuil siad in ann a n-ainmneacha a scríobh fiú. Ag an aois sin, ní thuigtear luach an rud atá á foghlaim acu. Mar pháiste óg, is cuimhin liom go maith ag foghlaim go raibh leagan Gaeilge agus Béarla ar chuile rud ar leag mé lámh air. Chuir an smaoineamh seo iontas orm. Caitheann múinteoirí bunscoile, ar an meán, uair gach lá ag múineadh Gaeilge do dhaltaí. Tá níos mó ama fós á chaitheamh uirthi le múineadh an 10% sin a fhreastlaíonn ar Ghaelscoileanna. Le 368 Gaelscoil in Éirinn inniu, is í an éarnáil is mó fáis sa chóras oideachais i láthair na huaire. Seo uimhir atá an-spreagúil ar fad go deimhin.

Nuair a shroicheann daltaí deireadh na bunscoile, leanann 3% díobh ar aghaidh chuig Gaelcholáistí a fhad is a leanannn an 97% eile ar aghaidh chuig oideachas trí Bhéarla. Faoi láthair, tá foghlaim na Gaeilge éigeantach i meánscoileanna na tíre. Cinntíonn sé nach n-éalaíonn déagóirí ón nGaeilge is iad i mbun oideachais. Pé scéal é, caithfear an cheist a chur; an í seo an tslí is fearr chun nach mbeadh an teanga i gcontúirt? Is ábhar conspóideach é faoi láthair agus tuairimí difriúla ag gach uile duine air. Síleann dream amháin nach mór do dhaltaí na hÉireann ár dteanga dhúchais a fhoghlaim toisc gur chuid dár n-oidhreacht is dár gcultúr í. Throid agus básadh na céadta daoine ar son na teanga agus tá sé de dhualgas orainn í a choinnéail i mbéal na n-óg dar leo. Dar leis an dream eile, dá mbeadh rogha ann ní bheadh á foghlaim ach daltaí le spéis agus grá don teanga agus is dearfach an rud é seo ina dtuairim.

É sin ráite, má athríonn cúrsaí sna scoileanna, beidh ar ollscoileanna na hÉireann an tathrú a leanúint. Mar atá sé, ní mór do dhaltaí pas a fháil sa Ghaeilge chun tairiscint iontrála a fháil don chuid is mó d’ollscoileanna na hÉireann. Cad a dhéanfadh an cineál athruithe seo don mhéid daoine atá ag déanamh staidéar ar an nGaeilge n’fheadar? Mar atá sé, tá uimhir shlántúil i gcúrsaí Gaelacha ar an ollscoil, agus ag éirí go maith leo. Deirtear áfach, gurb idir 18 agus 25 a chailleann daoine a nGaeilge don mhórchuid. Mar sin, mura bhfuil an teanga in úsáid go rialta ag an na haoiseanna sin tá sé dóchúil go n-imeodh sé uathu go deo. Bhí mé féin den smaoineamh dá mbeadh grúpa mac léinn ag déanamh staidéar ar an nGaeilge go mbeadh sé mar phlean ag an gcuid is mó acu í a mhúineadh. Ní hé seo an cás áfach.

Ó bheith ag éisteacht le m’athair féin faoi láthair, atá ina phríomhoide meánscoile, feictar dom go bhfuil siad ag dul i ngach áit seachas isteach sa mhúinteoireacht meánscoile. Tá sé ar thóir múinteora Gaeilge le ceithre mhí anuas agus é sa bhád céanna le roinnt fostóirí eile a bhfuil aithne aige orthu. Ní féidir linn dearmad a dhéanamh go bhfuilimid i gcúlú eacnamaíochta agus gur annamh a fheictear post gan slua iarrthóirí ag cur isteach ar. Ní dhéanann sé pioc céille domsa, cá bhfuil na mic léinn ag dul?

Toisc go bhfuil Gaeilge riachtanach dóibh siúd atá ar thóir gairm mar mhúinteoir bunscoile, is minic a úsáidtear céim sna dána chun dul síos an bóthar sin. Feictear dom gurb í seo an úsáid is coitianta a bhaintear as céim sa Ghaeilge. Úsáidtear í freisin mar bhunchéim go minic agus leanann daltaí ar aghaidh chun tuilleadh staidéir a dhéanamh ina dhiadh, go hiondúil ar rud atá go hiomlán éagsúil. Uaireanta feicimid mic léinn Gaeilge san iriseoireacht nó i bpoist aistriúcháin thar lear ach ní fhágann sé sin mórán le dul isteach sa mhúinteoireacht meánscoile. Cloistear go minic go bhfuil drogall ar dhaoine post a ghlacadh i meánscoileanna mar gheall ar an méid uaireanta breise gur gá dóibh a chaitheamh agus gan an t-úafás airgid bheith á fháil acu.

Is fadhb í seo nach mór dúinn réiteach a aimsiú di go luath. Cén maitheas ár bpáistí a bheith sáite sa teanga mura bhfuil éinne ansin chun iad a mhúineadh is iad ina ndéagóirí? Tús maith leath na hoibre, cinnte, go háirithe i saolta páistí, ach ní féidir linn stopadh ansin. Leanaimis orainn!