Nuair a cuireadh peann ar phár ar an 15 Nollaig 1791, pharmacy bhí i gceist ag reachtóirí Mheiriceá cearta bunúsacha na saoránach a leagan amach agus a chosaint sa Bhunreacht. Rinneadh an chéad deich leasú riamh ar Bhunreacht Mheiriceá sa bhliain sin, buy agus ó shin i leith níl ach seacht n-athrú dhéag eile curtha i gcrích. Cá bhfios do reachtóirí na tréimhse sin go mbeidís chomh mór sin i mbéal an phobail os cionn dhá chéad bliain níos déanaí?
Le tuairim is fiche bliain anuas tá treocht scanrúil, dhéistineach ag bailiú nirt ar thaobh eile an Atlantaigh. Is treocht í seo atá ag cur na leasuithe a rinneadh sa bhliain 1791, an dara ceann ach go háirithe, go mór i mbéal an phobail. Tugann an dara leasú seo an ceart do gach saoránach i Meiriceá gunna a bheith ina sheilbh aige. Cé go bhfuil difríochtaí ó stát go stát maidir le dlíthe, ní féidir an ceart seo a shárú gan an Bunreacht a leasú athuair.
Sa bhliain 1999, in Ardscoil Columbine i gColorado maraíodh beirt mhac léinn déag agus múinteoir amháin, agus gortaíodh triúr is fiche eile i slad tragóideach a tharraing aird mhórphobail an domhain ar an mbaile beag. Beirt dhéagóirí a thug faoin ionsaí seo le gunnaí ‘dleathacha’.
Sa bhliain 2007, in Ollscoil Virginia Tech, maraíodh beirt is tríocha, agus gortaíodh seachtar déag in ár uafásach eile. Sa chás seo, d’éirigh leis an ionsaitheoir gunnaí an tslada a cheannach go dleathach, cé go raibh comhairleoireacht chuimsitheach faighte aige d’fhadhbanna móra meabhairshláinte ar feadh na mblianta roimh ré.
I mí Iúil anuraidh, i bpictiúrlann i mbaile Aurora, Colorado, scaoileadh urchair ar lucht féachana scannáin. Maraíodh dáréag agus gortaíodh os cionn caoga duine eile. Baineadh úsáid as trí chineál gunna difriúla don slad seo.
Díreach roimh an Nollaig, rinneadh ár millteanach eile i scoil Sandy Hook, Connecticut. An babhta seo maraíodh fiche páiste agus seisear daoine eile. Faoi mar a tharla i gColumbine agus i Virginia Tech, chuir an lámhachóir lámh ina bhás féin sular éirigh leis na póilíní breith air. I gcás Aurora, rug na póilíní ar James Holmes agus tá sé i mbraighdeanas i láthair na huaire.
Níl luaite agam anseo ach ceithre chás. Ar an drochuair, d’fhéadfainn sonraí Tucson (2011), Oikos (2012), Fort Hood (2009) agus mórán eile nach iad, a lua chomh maith. Ní gá dúinn ach sracfhéachaint a thabhairt ar staitisticí dúnmharaithe na cruinne le fadhb mhór Mheiriceá a aithint. Níos measa fós, tugann na figiúirí seo le fios go bhfuil an scéal ag dul ó mhaoil go mullach. Idir 1982 agus 2012 tharla 61 oll-lámhach i Meiriceá. Rinneadh suas le 50 cea
nn acu siúd le gunnaí ‘dleathacha’. Sa bhliain 2004 rinne scoil amháin in Harvard staidéar ar an gcóimheas idir ghunnaí agus dúnmharaithe agus d’éirigh leo fianaise chuimsitheach a thabhairt chun solais ag léiriú go mbíonn níos mó dúnmharaithe i dtíortha/áiteanna ina gceadaítear gunnaí go forleathan i gcomparáid le ceantair eile. Agus iad ag tabhairt cúinsí eacnamaíochta agus fostaíochta san áireamh, léirigh na taighdeoirí seo gur coitianta i bhfad dúnmharaithe sna ceantair ina bhfuil gunnaí ar fáil go furasta. Tuigtear chomh maith go bhfuil 89 gunna i Meiriceá in aghaidh gach 100 duine; an cóimheas is mó ar domhain. Is scanrúla an uimhir seo nuair a chuirtear í i gcomparáid leis an India, an dara cóimheas is mó: 4 ghunna in aghaidh gach 100 duine. Is léir ón bhfigiúr seo go bhfuil muintir Mheiriceá go hiomlán gafa le gunnaí.
Deirtear go minic, mar chuid de bholscaireacht na seafóide ó lucht na ngunnaí i Meiriceá, nach maraíonn gunnaí daoine. Fíor, ach is fusa do dhuine duine eile a mharú i dtír ina bhfuil úinéireacht ghunnaí mar cheart bunreachtúil ná i dtíortha ina bhfuil dlíthe láidre iontu ag smachtú sin. Deirtear chomh maith go bhfuil an locht ar an gcóras sláinte; nach bhfuil dóthain tacaíochta ar fáil do dhaoine a bhfuil meabhairghalair orthu. Seans ann go bhfuil lochtanna sa chóras, ach nárbh fhearr i bhfad an droch-chóras sin i dtír nach bhfuil gunnaí ar fáil chomh forleathan inti? Deirtear freisin go mbainfí úsáid as airm eile ar nós sceana agus clocha má athraítear an dlí, is nach mbeidh aon athrú suntasach ann i líon na ndúnmharuithe. Ní fiú freagra a thabhairt don té a úsáideann an argóint cham seo, dar liom.
Tá tuairimí láidre ag an iliomad daoine ar an gceist, agus ar a bhfuil le déanamh ag Barack Obama má theastaíonn uaidh dul i ngleic leis an bhfadhb. Agus é ag caint faoin ionsaí is déanaí (Sandy Hook), dúirt Obama go bhfuil gá anois le ‘gníomh suntasach’ i gcoinne na faidhbe seo. N’fheadar cad go díreach a bhí i gceist aige leis an ráiteas seo, ach tá cath mór os a chomhair amach má theastaíonn uaidh athrú mór a dhéanamh. Is baolach go bhfuil an iomarca gunnaí ar fáil i Meiriceá cheana féin agus go bhfuil sé ródhéanach aon ‘ghníomh suntasach’ a chur i gcrích. Is réidh ag duine a theannfhocal a rá ach, dar liom, ní foláir an iarracht a dhéanamh. Seans ann nach mbeidh aon tionchar ag an athrú ar na saolta seo againne, nó ar linn ár bpáistí fiú, ach nár dheas go mbeadh duine sa todhchaí in ann caint faoi leasú 28, agus an dea-thionchar a d’imir sé ar Mheiriceá?
-Cormac Breathnach