Pléann Andrew Ó hEachteirn easpa náire ár nógánach ar líne agus na himpleachtaí dá niompar sa bhfíorshaol.

 

Mo léan is mo bhrón!, search sclábhaithe sinn gan cheist; faoi réir ag na meáin chumarsáide, i ngreim ag an status quo agus faoi smacht ag tiarnaí uilechumhachtacha na linne seo, nach dualgas dúinn ár leas nó ár sláinte. Tá óige na cathrach ina sclábhaithe ag na meáin chumarsáide agus ag an aonchineálacht a mholann siad.
B’fhéidir gurb í an chodarsnacht is mó atá ann idir aos óg na linne seo is an ceann a d’imigh romhainn lárnacht agus cumhacht na teicneolaíochta nuafhaiseanta ina shaol. Dar leis an ngníomhaireacht taighde margaíochta Ipsos MRBI, tá cuntas Facebook ag 90% d’Éireannaigh idir 15 agus 24.

Sa lá atá inniu ann, ní hamháin go n-úsáidimid na meáin chumarsáide mar fhoinsí siamsaíochta agus eolais, ach is amhlaidh go bhfuilimid, mar an t-aos óg, ag brath orthu—sa chaoi nach féidir linn maireachtáíl dá n-uireasa.
Éascaíonn an teilifís agus an ríomhaire an leisce. Ní gá an teach a fhágaint sa lá atá inniu ann chun siamsaíocht a lorg, chun dul ag siopadóireacht nó fiú chun labhairt le cairde, a bhuíochas sin leis an idirlíon. Dár n-aimhleas atá sé seo. Duine as gach cúigear déagóirí in Éirinn, tá fadhb mheáchain aige, de réir Fhoras Croí na hÉireann, agus is iad aiste bídh, easpa gleacaíochta agus leisce is mó is cúis leis, dar leis an eagraíocht chéanna.

Os a choinne sin uilig, tobair eolais agus foghlama gan teorainn is ea na meáin chumarsáide. Gach ábhar faoin ngrian a mbeadh gasúr óg Éireannach ag iarraidh foghlaim faoi, is ann dó ar an idirlíon, an meán is nua-aimseartha agus is fiúntaí díobh, dar liom féin. I bhfaiteadh na súl, tagann sé linn ár gcuid eolais a fheabhsú agus a leathnú ar shuíomhanna ar nós Vicipéid, Google agus suíomh gach nuachtán a fhoilsítear sa chruinne. Bíonn tionchar an-fhiúntach aige seo ar an óige, is é sin má thapaíonn siad an deis, seachas stánadh ar an leathanach Twitter maidin is oíche, ag guí chun na Maighdine go mbronnfar “like” nó dhó ar an ngrianghraf is déanaí ainnise atá acu, mo ghreidhin go deo iad. Mar sin féin, is gá a aithint go bhfuil maitheas le baint ag daoine óga as na meáin chumarsáide.

Le blianta beaga anuas, is ríléir an tionchar a bhíonn ag na meáin ar líne ar óige an domhain i leith na polaitíochta. San Iaráin i 2009, sa Túinéis i 2010, san Éigipt agus i Londain i 2011, sa Túirc agus sa Bhrasaíl i 2013, agus san Úcráin i 2014— i ngach cás úsáideadh suíomhanna sóisialta idirlín chun agóidíocht agus mórshiúlta i gcoinne rialtas a eagrú, agus tharla éirí amach agus círéib de chineál.
Feictear a leithéid ar fud an domhain mhóir san aois ina mairimid. Tá sé níos éasca ná riamh ar dhaoine óga a gcuid tuairimí a léiriú agus a mianta a chur i ngnímh. Tá guth ag cách san 21ú haois, idir óg agus aosta.
Ma tá íoróin ag baint leis na meáin chumarsáide ar an iomlán, is é go ndéanann cuid mhór díobh scrios ar scileanna cumarsáide na ndaoine óga a bhaineann úsáid astu.

Rinne mé féin ceistneoir a dháileadh ar 150 dalta i gColáiste Eoin (mo scoil) níos lú ná bliain um an dtaca seo maidir leis na meáin “shóisialta” idirlín.

Dúirt 59% de na daltaí go n-úsáidfidís Facebook chun dul i dteagmháil den chéad uair le cailín a raibh dúil acu inti . . . Is ionann é sin agus a rá go mb’fhearr leis an tromlach an ríomhaire a úsáid seachas labhairt go pearsanta leis an muirnín! Ábhar imní é a leithéid le bheith iomlán dáiríre. Tá cuid mhór den aos óg fágtha gan fhéinmhuinín is gan scileanna cumarsáide toisc go n-éascaíonn Facebook, Twitter, Whatsapp agus Snapchat an dul i bhfolach, fiú i measc fear mór Choláiste Eoin, go dtéimis slán.

Is é tionchar na bPoncánach i gcoitinne a dhéanann tinneas domsa go príomha, mar phointe deiridh. Tá an t-aos óg millte, ar bhealach, ag an gcultúr allmharaithe atá tar éis ár dtír álainn allta cianársa a chur fé chois. Is é fáth mo bhuartha go bhfuil óige na hEireann tar éis titim isteach i lusca an uafáis, dún diamhrach, damanta, díobhálach Hollywood.

Sa ré nua, ní hé an rialtas ná an sagart a mhúnlaíonn tuairimí na n-óg ach MTV agus Warner Bros. Miley Cyrus, bail ó Dhia uirthi, má fheictear an t-amhránaí óg ag caitheamh branda áirithe éadaí (nuair nach mbíonn sí sa nocht ar an gcorruair), is léir go mbíonn ar gach girseach i ndeisceart na príomhchathrach rith i dtreo an aonaigh ar thóir an bhaill éadaigh chéanna.

A bhuíochas le fógraíócht ar an teilifís (agus go deimhin ar gach mean cumarsáide), tá cumhacht níos mó ná riamh ag margóirí orainn. Ceannóidh an t-aos óg gach a ndeirtear leis a cheannach de dheasca a nádúir róchreidmhigh, a fhad is a bhíonn fear nó bean dhathúil san fhógra teilifíse—mar ar an mbealach sin, bítear cinnte de go n-éireofar níos dathúla tú féin nuair a cheannaítear an t-earra, is cuma más cumhrán nó canna Coca-Cola atá ann. Chuirfeadh sé aiseag ar asal!

Níl teanga an aosa óig Éireannaigh fiú slán ó thionchar gallda na meán cumarsáide. Cuireann sé dobhrón ar mo chroí an deirfiúr is óige s’agamsa a chloisint agus canúint bhreá Calafornia ar a béal aici, chomh brasach in Éirinn le muc sa phuiteach! Tionchar é seo nach féidir a chosaint nó a shéanadh agus cá luíonn an locht? Nickelodeon, Modern Family agus Grey’s Anatomy (cad é mar theideal gáirsiúil).

Ní haon saineolaí mise, áfach. An bhfuil aos óg ár linne faoi réir is faoi smacht ag na meáin? Tá. An drochrud nó a mhalairt é sin? Faoin léitheoir atá sé é a chinneadh. Ní féidir tionchar na meán cumarsáide a shéanadh agus ní bhíonn a fhios agat cathain atá an bholscaireacht os do chomhair amach, bíodh sí ar an idirlíon, ar an teilifís nó ar pháipéar.

Is cinnte gurb é an Tribune an trodaí is mó atá ann i gcoinne na bolscaireachta i measc fhoilsiúcháin Gaelacha an cheantair agus más mian leat tacú linn inár dtroid, is féidir deontais—moltar ~€15—a sheoladh inár dtreo. Geallaímid go n-éireoidh gach deontóir níos dathúla mar thoradh.