De dheasca na srianta dianglasála, ní haon ionadh nach bhfuil gníomhaíochtaí ar an gcampas ag dul ar aghaidh mar is ghnáth. Is mór an trua é, an t-am seo  bliaina ach go háirithe, nach feidir linn am a mheilt in Áras Newman i ndiadh na léachtaí, nó a bheith ag goid bia ó chumann éigin eile, agus neamhaird á tabhairt againn ar ár ndualgaisí acadúla ar feadh uaire nó dhó ar a laghad. Níl aon leithscéal againn anois ACH a bheith torthúil maidir leis an staidéar, agus gan amhras ní dóigh liom go bhfuil éinne pioc sásta faoi sin!

Chun plé dáiríre a dhéanamh ar chúrsaí ar an gcampas mar atá siad anois, tá iarmhairtí níos tromchuisí le tabhairt faoi deara mar gheall ar na cúinsí aisteacha sin. Tá eagla ar dhaoine go dtiocfaidh laghdú ar an méid bolscaireachta a d’fhéadfaidh eagraíochtaí ollscoile a dhéanamh d’fheachtaisí cultúrtha, go háirithe na cinn a bhfuil ceangal acu leis an nGaeilge agus le teangacha eile. 

Bíonn ról lárnach ag lucht Scéim Theach na Gaeilge chuile bhliain maidir leis an teanga a chur chun cinn ar fud an champais trí imeachtaí éagsúla a chur ar fáil do mhic léinn le linn na seimeastar. Tá said tar éis réiteach cruaitheach a fháil anois faoi conas dul i ngleic leis na fadhbanna éagsúla atá le sárú acu faoi láthair.

Labhair mé le Eoghan Ó Curnáin, atá ar cheann de na mic léinn atá páirteach sa scéim i mbliana, faoin bpróiseas forbartha atá taobh thiar den bpodchraoladh nua “Glór na scéíme” atá idir láimhe acu faoi láthair.

Haigh a Eoin! Seo cúpla ceist faoin bpodchraoladh atá ar súil agaibh faoi láthair. Cad as a dtáinig an smaoineamh le podchraoladh a chruthú?

Bíonn ról lárnach ag lucht na scéime láithreacht a bheith acu ar champas agus an Ghaeilge a chur chun cinn acu. Ar ndóigh, níl an deis ann láithreacht fhisiciúil nó a leithéid a bheith againne i UCD i mbliana, mar sin bhí orainn rud éigin a dhéanamh faoin easpa láithreachta sin.

Cad iad na hábhair a bheas á bplé agaibh?

Tá sé ar intinn againn labhairt le gach mac léinn sa scéim i rith na bliana agus deis a thabhairt daoibh aithne a chur orthu sa phodchraoladh. Beidh idir chúrsaí reatha agus rudaí beaga laethúla a phlé againn le mic léinn ó réimse leathain cúrsaí.

An iad na daoine atá páirteach sa scéim na daoine is mó a bheas faoi agallamh sna heagráin?

Is dóigh go mbeidh an tromlach de na haoichainteoirí ina mic léinn scéime, ach seans go mbeidh “aoi-aoichainteoir” againn go luath! Sin an méid atá mé chun rá!

An féidir leat creat a thabhairt dúinn ar conas a chruthaíonn sibh an podchraoladh féin?

Tá an t-ádh linn go bhfuil dhá [mhicreafón] agus bogearraí srl. againn cheana féin, mar sin níl orainn ach an ábhar cainte a phleanáil amach agus am an agallaimh ar Zoom a eagrú. Tugann muid [micreafón] amháin don aoichainteoir ionas gur féidir linn an fhuaim a chur in eagar i gceart (agus go soiléir) tar éis an taifeadta.

An bhfuil aidhmeanna nó pleannana fadtéarmacha agaibh don bpodchraoladh amach anseo?

Táim cinnte gur féidir linn leanúint ar aghaidh leis seo as seo amach. Tagann 24 mic léinn isteach sa scéim chónaithe chuile bhliain agus ba chóir dúinn aithne a chur orthu agus iad ag déanamh sár-obair ar son na Gaeilge.

Má tá sos de dhith oraibh le linn thréimhse na scrúduithe, is féidir an podchraoladh ‘Glór na Scéime’ a aimsiú ar Soundcloud ag an nasc seo a leanas ar bhonn seachtainiúil! https://soundcloud.com/user-386519646

Doireann Ní Shúilleabháin – Gaielge Scríbhneoir