s dócha go bhfuil léibhéal éigin Gaeilge agat ós rud é go bhfuil tú ag léamh an ailt seo. Tá tú in ann mé a thuiscint toisc go bhfuil cumas na Gaeilge agat agus tá tú in ann an Ghaeilge a úsáid agus tá tú á húsáid díreach anois le mo chuid foclaíochta a thuiscint. Ar an ndrochuair freisin, is dóigh go bhfuil taithí de chineál éigin agat leis an bhfrithghaelachas, a bhíonn éadrom de gnáth,  idir magadh agus dáirire ach fós féin is fadbh í agus is dúshlán é atá ann do lucht na Gaeilge.

Baineann go leor ceistiúchán leis an nGaeilge.

Cén fáth go bhfuil sí á foghlaim agat?  Deirtear é seo ag breathnú ort go géar le cinntiú nach bhfuil spreagadh amhrasach ag baint le do shuim sa teanga. Níl fadhb ar bith agam ag freagairt na ceiste ach ní bhíonn an éiginnteacht seo ag baint le daoine le cumas na Fraincíse acu nó daoine a dhéanann staidéar ar an dlí nó ar an eolaíocht.

Ní thuigeann daoine go bhfuil siad do do mhaslú nuair a deir siad ‘Cad é do shloinne as Béarla? Is ceist phearsanta í do gach duine cén leagan dá sloinne a bhaineann siad úsáid as agus is dócha má tá sé in úsáid agat as Gaeilge gurb é sin an ainm a theastaíonn uait, ní an leagan Béarla.

Cloistear an ceann is greannmhara agus an ceist chlaisaiceach do mhuintir na gaelscoile ‘An ndéanann tú mata as Gaeilge?’ amhail nach bhfuil na huimhreacha agus an téarmaíocht mata againn sa Ghaeilge ! Táim cinnte go ndéanann na Francaigh a gcuid Mata as Fraincis agus ceapaim go bhfuil sin intuigthe ach ar chúis amháin nó ar chúis eile, is tuairim róchoitianta í go bhfuil teorainn ag baint leis an nGaeilge nach mbainfeadh le teangacha eile.

Deir daoine nach fiú í, go háirithe lasmuigh den seomra ranga. Más fiú do dhuine amháin í, tá fiúntas ann, tá sé chomh simplí le sin. Ar ndóigh tá fiúntas léi do i bhfad níos mó ná duine amháin, in Éirinn agus thar sáile. Is trua é nach dtuigeann daoine go bhfuil Gaeltacht i gCeanada, go bhfuil daoine ag foghlaim Gaeilge sna hOllscoileanna i Meiriceá, go bhfuil Conradh na Gaeilge i bParás, Beirlín agus sa Bhreatain. Ní féidir a rá freisin gur teanga i mbéal a báis í nach mbíonn á labhairt ach ag dream beag sna Gaeltachtaí nuair a bhíonn na milliúin á foghlaim ó thimpeall na cruinne ar Duolingo.

Bíonn go leor deiseanna chun í a úsáid freisin, b’fhéidir níos mó anois ná riamh agus go háirithe i gcomhthéacs sóisialta. Bíonn ‘Pop Up Gaeltacht’ ann go rialta agus é ar fud an domhain. Tá club Chonradh na Gaeilge ar Shráid Fhearchair, clubanna caife, clubanna leabhar, na Gaeil Óga club CLG a imríonn agus a thraenálann as Gaeilge,ceol as Gaeilge ó léithéidí CEOL2018, gan trácht ar ranganna, naíonra agus scoileanna as Gaeilge. Is rogha é an Ghaeilge a úsáid agus bíonn comhráití agam le an-chuid do mo chairde ar líne agus nuair a chasaim orthu as Gaeilge.

Is mion minic a bhíonn plé ar thearmaíocht nua na Gaeilge agus maítear nach fíor teanga í ach teanga a dhéanann aithris ar an mBéarla toisc gurb é píotsa an Ghaeilge ar ‘pizza’ nó tvuít an Ghaeilge ar ‘tweet’. N’fheadar cathain a thuigfidh siad nach focail Bhéarla iad na focail a bhíonn in úsáid acu ar nós cul de sac, cliché agus ketchup. Bíonn gá le focail nua nuair a thagann téarmaíocht nua chun cinn. Ní raibh a léithéad ann agus réamhdheochanna ann nuair a tháinig an Ghaeilge ar an bhfód agus mar sin bíonn gá le tearmaíocht nua a chumadh.

Is léibhéil éagsúla don fhrithghaelachas iad seo ar fad. Is fíor go mbíonn sé éadrom uaireanta ach ní dóigh liom go mbeadh siad chomh tapaigh le bheith siniciúil faoi dhuine da mba rud é go raibh Rúisís líofa acu toisc gurb as an Rúis dá Máthair. Bheadh meas acu ar sin agus thuigfidis an loighic ach is ceist chasta í cén fáth go mbeadh Gaeilge ag Éireannach.

Bíonn daoine maslach agus ait faoin nGaeilge, i mbealach nach mbeidís faoi theanga eile. Ní bhíonn leisce orthu a bheith maslach agus is aiseach an scéil é go mbíonn cuid de na Gaeil féin ag gearán faoin nGaeilge

Tá cúis go raibh an haischlib #NílSéCgl le feiceáil ar Twitter. Déantar leathcheal ar an teanga go laethúil. Ar shuíomhanna idirlín ar nós Aer Lingus,comhlacht Éireannach bíonn fadhb ag na paisinéirí leis na fadas ina n-ainmneacha a chur isteach,cé go bhfuil fíorthabhacht ag baint leo, cur i gcás an difríocht idir sean, seán agus séan.

Níor choir go mbeadh aon naimhdeas againn le daoine nach dtuigeann réimse agus neart na Gaeilge. Is léir nach bhfuil siad ar an eolas faoi fhírinne an scéil, go bhfuil an teanga beo,láidir agus tábhachtach. D’fhéadfaí a rá fiú go mbíonn siad chomh ceisteach agus fiosrach sin toisc go bhfuil suim agus spéis acu ann (b’fhéidir).

Caithfidh mé a admháil go bhfuil cúrsaí feabhsaithe agus go bhfuil an dearcadh ar an nGaeilge níos fábhraí ná mar a bhíodh. Bíonn an-tóir ar Ghaelscoileanna sa lá atá inniu ann,is iomaí déagóir a chaitheann samhradh nó sé (mar a rinne mé féin) sa Ghaeltacht, bíonn ranganna oíche do dhaoine fásta agus d’fhoghlaimeoirí agus mar a luaigh mé cheana, is mór an éileamh atá ar Duolingo mar áis foghlama na Gaeilge. Tá Facebook, Gmail, Google agus níos mó ar fáil as Gaeilge anois, cé nach bhfuil siad foirfe, is de réir a chéile a thógtar na caisleáin.

Níos fearr fós tá béim ar an gcaint ar chúrsa na hArdteiste agus tá súil agam go gcuirfidh é seo le cumas, suim agus fonn an phobail i leith na Gaeilge. Labhraigí Gaeilge i gcónaí le haon duine atá toillteanach í a labhairt leat

 

Cecily Nic Cionnaith –  Eagarthóir Gaeilge