viagra sale serif;”>Agus tú ag siúl síos Oranienstra?e Déardaoin díreach roimh thitim oíche, pharmacy cloisfidh tú í ar an aer. I mblasanna éagsúla aisteacha, case ach soiléir fós: an Ghaeilge. Tá sí beo ar na beola i mBeirlín.

 Díreach bliain ó shin, ar an 18 Deireadh Fómhair 2011, tháinig grúpa beag daoine le chéile in Ambasáid na hÉireann i mBeirlín chun síolta na chéad craoibhe Gearmánaí de Chonradh na Gaeilge a chur. Ó shin i leith, tá an grúpa beag sin tar éis fás ina ghrúpa measartha mór agus tháinig sé faoi bhláth ar an 23 Feabhra 2012 nuair a cuireadh an chraobh ar bun go hoifigiúil.

 Is sa ‘Café Orange’ ar Oranienstra?e a bhíonn na cruinnithe ar siúl faoi láthair. Ainm conspóideach, b’fhéidir, i gcomhthéacs stair ghluaiseacht na Gaeilge. Ach is ainm neamhchoitianta é d’áit chruinnithe craoibhe neamhchoitianta. Tá an chraobh seo saor ó thuairimí polaitiúla, saor ó chúrsaí creidimh, saor ó náisiúnachas na hÉireann: níl sa chraobh ach an teanga ghlan. Agus bíonn Éireannaigh, Gearmánaigh, Ostaraigh, Spáinnigh, Seicigh agus daoine as roinnt tíortha eile ag teacht chuig na cruinnithe mar gheall ar an tsuim choiteann sa Ghaeilge a nascann le chéile iad. 

Faoi láthair tá gearrscannán á chur le chéile ag baill na craoibhe le cúnamh ó Hildegard Ryan, mac léinn de chuid Choláiste na Tríonóide agus ceamaradóir den scoth, chun an chraobh a chur chun cinn. Chomh maith leis seo, tá turas á eagrú ag an gcraobh ó Bheirlín go Baile Átha Cliath le cúnamh ó cheanncheathrú an Chonartha ar Shráid Fhearchair. Tiocfaidh na baill go hÉirinn le linn Bhliain na Gaeilge 2013, díreach in am don fhéile The Gathering.

Tá meascán deas de dhaoine ar an gcoiste a stiúireann an chraobh ina cuid gníomhachtaí: triúr fear agus beirt bhan (beirt Éireannach, beirt Ghearmánach agus duine ón Spáinn). Is é Eoin Mac Aodha Bhuí atá ina Chathaoirleach ar an gcraobh – mac athar Éireannaigh agus máthar Breatnaí, atá ag déanamh staidéir ar an nGaeilge agus ar an nGearmáinis sa Choláiste Ollscoile Baile Átha Cliath; is é Arne Peters ainm an Rúnaí – léachtóir le Béarla in Ollscoil Potsdam na Gearmáine agus an Ghaeilge ar a thoil aige; tá Máire Rós Ní Loingsigh, mac léinn de chuid Ollscoil Luimnigh, ina hOifigeach Caidrimh Poiblí; tá Judith Schachtmann, seandálaí Gearmánach le suim aici sa teanga agus in Éirinn, ina Cisteoir; agus is é Ángel Quiroga Ionadaí na bhFoghlaimeoirí, fear as an nGailís sa Spáinn a bhfuil eolas fairsing aige ar na cultúir Cheilteacha agus suim mhór iontu.

Tá deiseanna cainte Gaeilge á gcur ar fáil anois i mBeirlín, deiseanna tábhachtacha dóibh siúd a bhfuil spéis sa teanga acu. Tá tús curtha le rud iontach ag an dream seo agus iad ag tnúth le fás agus forbairt sna blianta rompu.

 

Eoin Mac Aodha Bhuí