Agus Máirtín Ó Cadhain go mór i mbéal phobail na Gaeilge le déanaí, order caitheann An Conchoilleach súil ar an bhfear féin agus ar chuid de na tuairimí a chuir sé os comhair an tsaoil.

Cailleadh Máirtín Ó Cadhain 42 bliana agus an tráth seo. Bhí an mhí seo thart breac le macallaí an Chadnaigh, agus Léacht Uí Chadhain ar siúl anseo inár roinn Gaeilge féin. San alt seo a leanas, beidh mé ag luí isteach ar an dearcadh is na tuairimí a chuir An Cadhnach os comhair an tsaoil mar is ceart a dhéanamh agus muid ag breathnú siar ar shaothar, ar shaol agus ar shíorthionchair Mháirtín le linn na tréimhse seo.

Cancrán ab ea Máirtín, go maitheadh Dia dó é, is cáineadh go minic é ina linn féin. Mar a dúirt Seán Ó Laighin in alt dar teideal “Nochtadh na Fírinne” in eagrán comórtha Comhar sa bhliain 1980 “Ní ghéilleadh sé do thuairimí daoine eile- cheap sé go raibh an ceart i gcónaí aige”. Cá bhfios, b’fhéidir go raibh, bail ó Dhia air. In alt a chum “Tuairisceoir Speisialta” san eagrán comórtha céanna dar teideal “Máirtín Ó Cadhain- Extremist” tá trácht air mar dhuine de na extremists ba mhó chun tosaigh ar chúis na dteangacha mionlaigh in iarthar na hEorpa, gur ag na extremists seo a raibh an tuiscint cheart acu “do phráinn agus do riachtanais na dteangacha seo agus don straitéis ba ghá chun iad a shlánú.”

Nach cuí, ar bhealach, gur cailleadh Wilhelm Brasse an tráth seo den bhliain. Cén ealaín atá orm a leithéid a rá, nó cé hé Wilhelm Brasse? Bhásaigh sé ar an tríú lá is fiche den mhí seo, agus duine, is cosúil, de na fíréin, ab ea é Wilhelm! Cuireadh chun oibre sa champa géibhinn Naitsíoch in Auschwitz é, agus thosaigh sé ag glacadh grianghraf de na cimí réamhbhásaithe. Bhain Wilhelm allas as a chnámha is é ag coinneáil grianghraf dó féin, rud neamhcheadaithe amach is amach, agus, ar deireadh thiar, ba iad na grianghraif seo cuid den fhianaise a leag síor-smál na héagóra ar na Naitsithe.

Cad chuige go bhfuil mé ag trácht ar a leithéid is racht cainte ar Mháirtín á thabhairt agam? Léirigh Brasse an dúchas, an dúthracht, an diongbháilteacht sin nár spáráil an Cadhnach féin. Chaomhnaigh siad beirt cúrsaí na linne don chéad ghlúin eile. Is treise an dúchas ná an oiliúint; ar an gcaoi chéanna a dhiúltaigh Brasse oiliúint na Naitsíoch ar son an Reich, ag sá scine i ndroim Hitler, chuaigh Máirtín glan i gcoinne bolscaireachta a linne féin, agus nach raibh an ceart acu beirt. Dúirt Máirtín tráth “Ó thosaigh daol an Eorpachais ag dul ionainn chaill muid ár n-acmhainn ghrinn”. Nach teann anois orainn an gad sin.

Ní raibh meas madaidh ag Máirtín ar rialtas a lae. I Márta na bliana 1962, is a fhios aige nárbh fhada ón gcill a chloigeann, labhair sé i Comhar lena fhíréin. Ina measc, chuir sé i láthair a phaidir “A Dhia na gCaighdeán agus an Bhéarla eagair, deonaigh caighdeán a thabhairt do Ghaeil Éireann athuair, Gaeltacht a dhéanamh d’Éirinn athuair”. Ba í an Ghaeilge an gad is giorra don scoirneach i gcónaí aige. Ba shearbh an sciolladh i gcónaí a tugadh uaidh ar ábhar an rialtais is a raibh ar siúl ar aimhleas na tíre acu. Arsa an Cadhnach in alt in The Gaelic Weekly “Let Garret Fitzgerald have his scorched earth, his culture-neutral no-man’s land, peopled solely with his figure godesses…he will be defied by a chain of referendums which blow his figures, goddesses and all into stink bubbles, if not something worse, into his face”.

Dúirt Seán Ó Ríordáin: “Faraor géar tá Máirtín Ó Cadhain i gcré na cille…Tá súil againn – súil eaglach – nach í Éire atá i gcré na cille, a Éire siúd”. Mura ligeann muid na maidí le sruth, ní bheidh bás an Chadhnaigh mar lámh an bháis ar chúis na teanga. Ní mhaireann sé, ach mar a dúirt Seán Ó Laighin, “maireann an duine sa rud a scríobh sé.” Dúirt Máirtín féin ar an nGaeilge gur “fás nó bás a chaithfeadh teacht.” Agus, nach iontach an rud, gur tháinig bás agus fás mar aon ar Mháirtín. Tagann luach níos mó i gcónaí air, agus nach againn an spreagadh síoraí scríbhneoireachta. Is ceart dícheall dubh is dath a dhéanamh an teanga agus toil an Chadhnaigh, a chaomhnú. B’fhéidir go mairfidh sé agus beocht nua aige sna rudaí atá le scríobh againn féin.