Tá sé fós fíor-deacair le creidiúint gur chaith mé thart ar mí i Uganda an samhradh seo, tír iontach tarraingteach ó thaobh na radharcanna de agus ó thaobh na daoine dochreidte a gcónaíonn ann.

Bhí mé mar bhall den fhoireann UCDVO, carthanas atá bunaithe anseo in UCD. Foireann iomlán bunaithe ar daoine le cúlra i gcúram sláinte, 17 dúinn san iomlán. Inár measc, mic leinn ó fisiteirpe, leigheas, altrainis, diaitéiteach agus cothú. Tar éis tréimse sé mí a chaitheamh ag ullmhú don turas idir earraí don ospidéal a bhailliú agus an teanga Rutiga a fhoghlaim, faoi dheireadh shroicheamar Uganda ar an 9ú d’Iúil. Bhíomar bunaithe in Ospidéal Kisiizi, baile beag in iardheisceart Uganda, timpeall leath uair ón mbaile Kabale.

Ag breathnú siar anois, táim fíor-bhródúil as ár bhfoireann agus an méid oibre a fuaireamar déanta i  gcomhpháirt leis an bhfoireann i Kisiizi. Go bpríoma, bhí mé mar bhall den fhoireann fisiteirpe chomh maith le beirt eile ó mo rang agus beirt atá cáilithe cheana féin. B’é príomh tionscadal a bhí againn ná chun campa a cur ar siúl ar feadh coicíse i gcomhair páistí  a rugadh le pairilis cheirbreach agus a gcuid tuismitheoirí. I rith na seachtainne sin, d’ullmhaíomar sceidil pearsanta i gcomhair gach uile páiste agus an duine a bhí in éineacht leo. Le linn an tréimhse sin, rinneamar fisiteiripe i ngrupaí chomh maith le seisiúin príomháideacha leo. Le na páistí a bhí breoite, chuamar i gcomhairle le na dochtúirí san ospidéal agus leanamar na treoracha a thug siad dúinn. Chuireamar ranganna ar siúl cúpla uair in aghaidh na seachtaine, ag múineadh faoin tionchar atá ag PC i  saol an duine agus conas é sin a laghdú. I gcomhoibriú linn, chuir na daoine eile ón ár bhfoireann ranganna ar siúl maidir leis an sort bia gur cheart dóibh ithe agus conas galair éagsula a sheachaint agus conas iad a aithint.

Chomh maith lenár dtionscadal fisiteirpe, bhíomar go léir gnóthach san ospidéal thar an tréimse. Rinne na dochtúirí ar ár bhfoireann iniúchadh ar an méid ama a chaitheann daoine san ospidéal idir teacht isteach agus cóir leighis a fháil, agus thug siad moladh do na dochtúirí agus altraí conas an am sin a laghdú agus conas na seirbhísí a fheabhsú sna áiteanna a bhí cabhair ag teastáil.

Bhí na cothaithigh agus na diaitéiteach thar a bheith rathúil lena clinicí míchothú a chur siad ar siúl. Chaith siad dhá lá gach seachtain ag dul amach i measc an pobail, ag eagrú scagthástáil i gcomhair na páistí a bhí cónaí orthu ann. Bhí siad in ann dul i dteaghmáil leis an ospidéal in Kisiizi maidir le páisití a bhí i mbaol maidir le WHO guidelines, agus an comhairle ceart a thabairt do na daoine a bhí mar chúramóir páiste.

Bhí na altraí UCDVO i gceannas ar ranganna ag iarraidh ‘pressure care’ a mhúineadh do na daoine éagsula a bhí ag obair san ospidéal, idir daoine a bhí bainteach le páistí agus daoine fásta. D’ullmhaigh siad póstaeir chun crocadh timpeall na háite, ag léiriú na príomh pointí. Chomh maith le sin, chuir siad iniuchadh ar na seirbhísí diaibéiteas a bhí i Kisiizi ar siúl a bhí fíor-rathúil.


Kate Donovan – Schríbneoir Gaeilge