Oíche aréir ar an 19ú Feabhra thit an dara hoíche de Bhabhta a Dó den chomórtas Maidens na Gaeilge 2021 amach ar líne agus bhí The College Tribune i láthair.

Ba é rún na seachtaine seo ná “Tá an t-am do reifreann Aontachta na hÉireann tagtha”.

Ghlac cúigear iomaitheoirí páirt i ndíospóireacht na hoíche aréir, díospóireacht a bhíonn á reáchtáil ag an Chumann Ghaelach UCD gach bliain. Bhí triúr ar son an rúin agus beirt ina choinne, agus ba é an leagan díospóireachta Briotanach Parlaiminteach a bhí i gceist.

Ba iad na hiomaitheoirí Laoighse Geoghegan, Lorcán Ó Ruairc, Aisling Nic Cionnaith, Áine Ní Chualáin, agus David Walley. Ba iad na moltóirí Eoin McEvoy agus Stiofán Ó Briain de chuid Scoil na Gaeilge, an Léinn Cheiltigh agus an Bhéaloidis, agus ba é James Knoblauch, atá ina Oifigeach Díospóireachta ar an Chumann Ghaelach, a rinne cathaoirleacht ar an díospóireacht.

An chéad iomaitheoir a rinne a cás sa díospóireacht ná Laoighse Geoghegan, agus bhí sí ar son an rúin. Agus caint roscach de chuid Mhíchíl Uí Choileáin á lua aici fríd síos, d’áitigh Laoighse go mbeadh reifreann aontaithe na hÉireann “an rud is fearr don oileán mar aon tír amháin”. Bhí sí suite de go bhfuil reifreann den chineál i ndán do Thuaisceart na hÉireann, gurb é a chomhartha sin meon phobal Thuaisceart na hÉireann faoi mar a léiríodh i bpobalbhreith le The Sunday Times in Eanáir 2021: thacaigh 51% de lucht na pobalbhreithe sin le reifreann, reifreann is féidir a ghairm, mar a thug Laoighse le fios, faoi fhorálacha de chuid Chomhaontú Bhéal Feirste 1998.

Mar bhunchloch a hargóna fosta, luaigh Laoighse iarmhairtí an Bhreatimeachta agus chuir sí cás Thuaisceart na hÉireann i gcosúlacht le cás na hAlban. “Cosúil le hAlbain, bhí an Tuaisceart brúite amach as an Aontas Eorpach in aghaidh a dtola” a dúirt sí. Chuir sí i gcás é go gcothóidh an Breatimeacht scoilt níos nimhiúla idir an Tuaisceart agus an Deisceart agus go bhfuil fasach ann, ó chás na hAlban, le haghaidh reifrinn laistigh den Ríocht Aontaithe. Anuas air sin, tá de bhua ag na Sé Chontae a bheith páirteach i margadh singil an Aontais Eorpaigh go fóill. D’aithin Laoighse fadhb an fhoréigin sheictigh sa Tuaisceart fosta, a ndéanann Rialtas na Breataine neamhshuim de, dar léi.

An chéad iomaitheoir eile a chuir a chuid argóintí chun tosaigh ná Lorcán Ó Ruairc, agus bhí sé i gcoinne an rúin. I gcroílár a argóna a bhí sábháilteacht an phobal mar gheall ar an bhaol go bhfillfí ar an fhoréigean dá ngairfí reifreann aontaithe na hÉireann. Thagair sé don eachtra a tharla in Iarthar Bhéal Feirste i dtús Mhí Feabhra nuair a thug drong de 40 fear a deirtear a bheith d’Óglaigh Uladh, a raibh maisc orthu, aghaidh ar Pháirc Pitt chun imeagla a chur ar theaghlaigh Chaitliceacha atá ina gcónaí sa cheantar. Bhréagnaigh Lorcán go bhfuil an tsíocháin iomlán atá ag teastáil sula mbeidh reifreann ann bainte amach; “Tá obair romhainn” a dúirt sé, agus d’áitigh go bhfuil caidreamh níos fearr fós le cothú idir an dá phobal, is iad sin aontachtaithe agus náisiúnaithe.

Ghlac Lorcán le pointe eolais ó Laoighse, nuair a d’áitigh sí go bhfuil laghdú tagtha ar an fhoréigean sa Tuaisceart ó thús na 90idí agus na 00idí; d’aontaigh Lorcán léi go bhfuil cúrsaí feabhsaithe toisc go bhfuil obair chuige sin déanta, ach go bhfuil an foréigean ann fós agus go bhféadfadh reifreann filleadh air a spreagadh. Bhí argóint Lorcáin bunaithe fosta ar staid na Poblachta, é ag maíomh go bhfuil fadhbanna fós le réiteach ann, go háirithe maidir leis an chóras sláinte “lochtach lofa”. Thug sé le fios nach mbeadh an Tuaisceart toilteanach na córais sláinte agus oideachais, ná an geilleagar s’acu a ghéilleadh, ná go mbeadh siad sásta glacadh le costas maireachtála níos airde mar atá an scéal sa Deisceart.

Maidens na Gaeilge 2021: Babhta a Dó
Maidens na Gaeilge 2021: Babhta a Dó

Bhí Aising Nic Cionnaith ar son an rúin. Ar an chéad dul síos, rinne Aisling iarracht an imní a bhí ar Lorcán faoin fhoréigean a mhaolú, í ag rá gur féidir reifreann daonlathach síochánta a bheith ann ina gcluinfear meon an dá thaoibh. Is ar Chomhaontú Aoine an Chéasta, reachtaíocht a bhfuil aitheanta ann an mhian d’Éirinn Aontaithe, a leag Aisling an-bhéim ina hargóint. Tá ráite sa reachtaíocht chéanna go bhfuil de dhualgas ar Rúnaí Stáit Thuaisceart Éireann reifreann den chineál a ghairm am ar bith a dhealríonn sé gurb é mian thromlach na vótálaithe i dTuaisceart Éireann Éire Aontaithe a bheith ann. Tharraing Aisling aird chomh maith ar an athrú meoin i measc mhuintir an Tuaiscirt le tamall anuas; “Is mór idir inniu agus inné ó thaobh na polaitíochta de,” a dúirt sí, agus labhair sí  faoi a thráthúla is atá sé deis dhaonlathach a bheith ag muintir Thuaisceart Éireann vótáil dá dtodhchaí féin. Dá fhianaise sin, luaigh Aisling an loiceadh atá déanta ag Rialtas na Breataine ar Thuaisceart Éireann de dheasca an Bhreatimeachta nár theastaigh ó 56% den daonra sin. Rinne sí tagairt don phobalbhreith chéanna de chuid The Sunday Times is a luaigh Laoighse, agus anuas air sin rinne Aisling cuid suntais de thorthaí an olltoghcháin i dTuaisceart Éireann in 2019, nuair ba mhó líon na suíochán buaite ag iarrthóirí náisiúnacha ná iarrthóirí aontachtacha den chéad uair sa stair.

Labhair Áine Ní Chualáin i gcoinne an rúin. Cé gur chuir Áine in iúl go bhfuil sí i bhfabhar Éirinn 32 chontae, thug sí rabhadh nár chóir go ndéanfaí reifreann aontaithe na hÉireann a dheifriú isteach. Léirigh sí léamh eile ar an Bhreatimeacht, seachas léamh Aisling, gur sampla soiléir é den phraiseach a d’fhéadfaí a dhéanamh de chúrsaí cheal iarmhairtí toraidh reifrinn curtha san áireamh roimh ré. Ní fios lena mbeifear ag súil in Éirinn Aontaithe, a d’áitigh Áine. Tharraing sí aird air gur mór idir an Phoblacht liobrálach agus an Tuaisceart caomhnach, agus mhaígh sí go bhfuil “an féidearthacht ghruama ann…[go ndéanfaí] roinnt de na cearta atá faighte le fiche bliain [sna 26 chontae] a bhaint dínn arís,” amhail an pósadh comhinscne. Chuir Áine síos don Taoiseach Micheál Martin caint dá chuid a thug le fios nach bhfuil muinín aige féin as an chaidreamh idir muintir an Deiscirt agus pobal aontachtach an Tuaiscirt. D’áitigh sí nach fios cén cineál brait a bheadh ag Éirinn Aontaithe nó cén t-amhrán náisiúnta a bheadh ann, agus thairis sin, go mbeadh géarú ar an easpa measa atá ann don Ghaeilge cheana féin ag leibhéal an rialtais dá n-aontófaí an oileán san am i láthair. Dá réir, bhraith Áine reifreann á reáchtáil faoi láthair a bheith “anabaí”. Is fiú a lua go ndearna Aisling Nic Cionnaith agus Laoighse Geoghegan iarrachtaí faoi seach pointí eolais a dhéanamh nár ghlac Áine leo, ag ligean marcanna breise thairsti. 

Is é David Walley a chuir deireadh leis an díospóireacht agus bhí sé ar son an rúin. Ag bréagnú Lorcáin dó, mhaígh David gurb as an chóras fhrith-dhaonlathach a bhíodh i bhfeidhm i dTuaisceart na hÉireann a d’fhás an foréigean; dar leis, is ionann gan a bheith ar son reifreann aontaithe na hÉireann agus a bheith i gcoinne an daonlathais, agus chuir sé i leith lucht an fhreasúra go raibh siad ag iarraidh barúil an lae a chiúnú dá réir.

Thug sé le fios go raibh míthuiscintí ar dhá thaobh an tí maidir leis an rún, ag rá, “Níl orainn cinneadh a dhéanamh idir náisiúnachas agus dílseachas, ach idir daonlathas agus frith-dhaonlathas”. Rinne Lorcán pointe eolais gurb é bunús an rúin ná an bhfuil an t-am buailte linn le haghaidh reifreann a bheith ann agus nach mbeadh a leithéid sábháilte faoi láthair. Mar fhreagra air sin, dúirt David gur cuma leis faoin toradh a bheadh ag a leithéid de reifreann, ach go mbíonn an daonlathas ag teastáil i gcónaí agus nach bhfuil cead ag aoinne a bheith ina choinne.

Chomh maith leis sin, thóg David ar argóint Aisling maidir le Comhaontú Aoine an Chéasta: in ómós an Chomhaontaithe, beartaíodh le linn na ndíospóireachtaí faoin Bhreatimeacht nach mbeadh teorainn chustaim ar oileán na hÉireann, agus tá aitheanta ag Rialtais na Poblachta, na Breataine, agus na Stát Aontaithe Mheiriceá, agus ag na Náisiúin Aontaithe bunphrionsabal an Chomhaontaithe, is é sin an mhian le haghaidh Éirinn Aontaithe. Dar le David, tá na staitisticí ann dá chomhartha sin faoi láthair. Is fiú a lua go ndeachaigh David thar am lena chuid cainte, rud a thabhaíonn marcanna pionóis.

Maidens na Gaeilge
Maidens na Gaeilge

Ag tabhairt a mbreithiúnais dóibh, dúirt na moltóirí Eoin McEvoy agus Stiofán Ó Briain go ndeachaigh daoine ar dhá thaobh an rúin go mór i bhfeidhm orthu, agus bhraith siad go raibh sé “ana-éifeachtach” an dóigh gur ardaíodh pointí nach n-ardófaí sa díospóireacht thraidisiúnta ar an dá thaobh. Mhol siad fosta an cur i láthair a bheith “ana-snasta” agus gur dhéileáil na hiomaitheoirí go léir leis an bhréagnú go han-éifeachtach, rud a bhraith moltóirí na seachtaine seo caite a bheith in easnamh.

I ndeireadh na dála, ba í Aisling Nic Cionnaith a thug an babhta léi, agus bhain Áine Ní Chualáin an dara háit amach.

Bíonn Maidens na Gaeilge ar na mór-imeachtaí bliantúla de chuid an Chumainn Ghaelaigh. Tá an comórtas díospóireachta oiriúnach do mhic léinn atá ar bheagán taithí díospóireachta. Tá comórtas na bliana seo urraithe ag William Fry Law, agus tá €250, chomh maith le corn le buachan ag an té a dtabharfaidh an chraobh leis nó léi.

Beidh craobh Maidens na Gaeilge ar siúl ar an 26ú Feabhra ar Zoom agus is iad Eoin Ó Cuilleanáin, Comhlach Sinsearach le William Fry, Antoin Delap, dlídóir agus cainteoir dúchais, agus Cathal Póirtéir, craoltóir agus scríbhneoir a bheas i mbun moltóireachta. Ina dteannta sin, beidh Seán Mac an tSíthigh ó RTÉ i láthair mar aoichainteoir. 

Tá fáilte roimh bhreathnóirí ag an chraobh ach na sonraí Zoom a iarraidh ar an Chumann Ghaelach fríd an ríomhphost cumann.gaelach@ucd.ie.

Anna-Clare Nic Gairbheith – Eagarthóir Gaeilge