Tá Maidens na Gaeilge 2021 faoi lán seoil, is é sin an comórtas díospóireachta de chuid an Chumainn Ghaelaigh, UCD. Bhí The College Tribune i láthair an dara hoíche de Bhabhta a hAon den chomórtas a thit amach go fíorúil ar an 12ú Feabhra.

Ba é rún na seachtaine seo ná “Beidh na 2020idí níos fearr ná na 2010idí”.

Ghlac seisear iomaitheoirí páirt sa díospóireacht aréir, ceathrar ar son an rúin agus beirt ina choinne, agus is é an leagan díospóireachta Briotanach Parlaiminteach a bhí i gceist.

Ba iad na hiomaitheoirí Áine Ní Chualáin, Colm Ó Ruanáin, Aisling Nic Connaidh, Theresa Benny, Laoighse Geoghegan, agus David Walley. Ba iad na moltóirí Tommy Mac Diarmada agus Rob Ó Beacháin, agus ba é James Knoblauch, atá ina Oifigeach Díospóireachta ar an Chumann Ghaelach, a rinne cathaoirleacht ar an díospóireacht.

Ba í Áiné Ní Chualáin a chuir tús leis na himeachtaí agus bhí sí ar son an rúin. I gcroílár a cuid cainte a bhí téama an bhuíochais, agus d’áitigh sí go raibh na rudaí atá tábhachtach sa tsaol curtha abhaile orainn: thug na 2020idí orainn cuimhneamh ar an chomharsa béal dorais agus tacaíocht a thabhairt do ghnólachtaí áitiúla. Luaigh Áine an t-athrú aeráide mar chuid lárnach dá hargóint chomh maith, go raibh tuiscint níos fearr ag an phobal mhór anois ar an fhadhb agus go raibh an phaindéim i ndiaidh sos a thabhairt don timpeallacht. Dar léi, tá “dearmad déanta ar an iomaíochas” a bhí i réim sna 2010idí agus beidh “buíochas, a bhí imithe le sruth le deich mbliana anuas, beo inár gcroíthe arís.”

Ba é Colm Ó Ruanáin a chéad iomaitheoir eile a labhair i gcoinne an rúin. Chuir Colm a chuid díomá agus aiféaltais in iúl dá bharr go bhfuil an phaindéim i ndiaidh aird a tharraingt ar an tsaint, an easpa measa agus an leithleachas atá ionainn ar fad. “I ndeireadh an lae, níl mórán tuiscint againn mar dhaonra ar dhaoine eile,” a dúirt sé. Ar bhonn áitiúil, thagair sé do shárú na srianta dianghlasála ag roinnt daoine mar léiriú dímheasa ar na hoibrithe bunriachtanacha. D’áitigh sé chomh maith go bhfuil an vacsaín in aghaidh Covid-19 á cinntiú do thíortha saibhre forbartha seachas tíortha i mbéal forbartha, rud a fhágann an domhan “scoite agus níos leithlí” ná riamh. Thug Colm foláireamh faoi na hiarmhairtí a bheas le brath ag gach leibhéal feasta mar gheall ar an fhiachas dhomhanda, atá i ndiaidh méadú ó $17 dtrilliún go dtí $330 trilliún.   

Bhí Aisling Nic Connaidh ar son an rúin. Leag sí béim ina haighneacht ar chúrsaí aeráide, agus luaigh sí fíric atá foilsithe ag NASA gur sna 2010idí a bhí an aois ba theo a taifeadadh riamh ar domhan. Rinne Aisling, atá ina mac léinn síceolaíochta, ceangal idir an méadú ar líon na véigeán agus na bhfeoilséantóirí ar domhan le tuiscint agus le feasacht níos fearr ar an ghéarchéim aeráide. “Creidim go bhfuil daoine i ndiaidh dúiseacht suas agus seilbh a ghlacadh ar chinniúint a dtodhchaí féin,” a dúirt sí. D’áitigh Aisling go mbeidh na 2020idí níos fearr ó thaobh an chomhionannais de chomh maith, agus luaigh sí briseadh as oifig Donald Trump agus toghadh Kamala Harris ina leasuachtarán ar na Stáit Aontaithe Mheiriceá chuige sin.

Maidens na Gaeilge

Labhair Theresa Benny i gcoinne an rúin. Léirigh sí ar dtús nach bhfuil muid tagtha slán ó phaindéim Covid-19 go fóill, agus is iad grúpaí leochaileacha amhail daoine gan dídean, na bochtáin agus an lucht iarrtha tearmainn is mó atá thíos leis. “Tagann agus imíonn airí sláinte, ach is beag atá athraithe,” a dúirt sí. Bhí cás na dtíortha i mbéal forbartha ina chuid lárnach dá haighneacht: d’áitigh Theresa, ar tógadh i dtír i mbéal forbartha í féin, go bhfuil an scéal seacht n-uaire níos measa sna tíortha sin ná mar atá in Éirinn, agus gur sna tíortha sin – áit ina gcónaíonn formhór na ndaoine ar domhan – is mó atá tionchar an athraithe aeráide le brath. “Má leanann muid ar aghaidh lenár ndrochnósanna, beidh muid i mbaol” a d’áitigh sí. Luaigh Theresa fosta teacht chun cinn na heite deise mar chuid dá hargóint, agus leithéidí Jair Bolsonaro agus Boris Johnston i réim faoi láthair, agus chuir sí in iúl a cuid buartha faoi fhadhbanna na caimiléireachta, na bolscaireachta agus na bréagnuachta a ghabhann leis sin.

Bhí Laoighse Geoghegan ar son an rúin. Ba é dul chun cinn an leighis a bhí mar bhunús dá cuid cainte, agus thug sí le fios go raibh tionchar fíorthábhachtach ag Covid-19 maidir le taighde agus tuiscint ar vacsaíní. D’áitigh Laoighse, atá ina mac léinn bithleighis, go bhfuil an t-eolas againn anois chun troid in aghaidh éigeandáil dhomhanda eile, a bheas againn sa todhchaí gan amhras. Cuideoidh an dul chun cinn fosta le fáinní fí an droch-chúraim sláinte agus an bhochtanais dhomhanda a bhriseadh sna 2020idí. “Is é seo tús ár ndomhain nuafhorbartha,” a mhaígh sí. Luaigh Laoighse chomh maith bás George Floyd agus an ghluaiseacht shóisialta pholaitiúil idirnáisiúnta a lean ina dhiaidh: ag tagairt di don éileamh don cheartas a d’eascair as an eachtra sin, dúirt sí “is sna 2020idí a n-athróimid chuig domhan nua leathanaigeanta”. 

Ar deireadh, ba é David Walley a chuir deireadh leis an díospóireacht, agus bhí sé ar son an rúin. Bhí David suite de go bhfuil rath eacnamaíochta le teacht sna 2020idí, mar i ndiaidh gach paindéime sa stair tharla borradh agus fás eacnamaíochta. D’áitigh sé go bhfuil Éire níos fearr as ná mar a bhíodh sna 2010idí, agus go raibh an PUP ar cheann de na leasa sóisialta is airde ar domhan. Bhréagnaigh David argóintí lucht an fhreasúra, Colm Ó Ruanáin agus Thereasa Benny: mhaígh sé go raibh argóint Choilm maidir leis an tsaint “bunaithe ar mhionlach, gan tuiscint chruinn ar chúrsaí an lae”, agus léirigh sé súil eile ar chás an bhochtanais a rinne Theresa, go dtabharfar sos sna 2020idí do dhaoine in áiteanna eile sa domhan a bhíodh thíos le cúrsaí polaitíochta. Thug Colm Ó Ruanáin dúshlán na pointe a rinne David nach bhfuil na Stáit Aontaithe Mheiriceá chomh ‘dúnta’ a thuilleadh, ós rud é gur chaith 7.7 milliún duine vóta ar son Donald Trump sa toghchán uachtaránachta in 2020; bhréagnaigh David an dúshlán seo ag rá nach é Trump atá sa Teach Bhán faoi láthair agus go bhfuair Hilary Clinton níos mó vótaí ná Trump sa toghchán uachtaránachta in 2016, cé nár toghadh ina huachtarán í an uair sin.



Nuair a bhí na haighneachtaí ar fad déanta, rinne na moltóirí a machnmah faoi na buaiteoirí. Ag tabhairt a mbrieithiúnais dóibh, dúirt na moltóirí go raibh “caighdeán an-ard” ag baint leis an díospóireacht agus go raibh an toradh “an-ghar ar fad”. An t-aon rud amháin a bhraith siad a bheith in easnamh le linn na díospóireachta ná dóthain bréagnaithe idir na hiomaitheoirí.

I ndeireadh na dála, ba é Colm Ó Ruanáin a thug an babhta leis, agus bhain David Walley an dara háit amach.


Bíonn Maidens na Gaeilge ar na mór-imeachtaí bliantúla de chuid an Chumainn Ghaelaigh. Tá an comórtas díospóireachta oiriúnach do mhic léinn atá ar bheagán taithí díospóireachta. Tá comórtas na bliana seo urraithe ag William Fry Law, agus tá €250, chomh maith le corn le buachan ag an té a dtabharfaidh an craobh leis nó léi.

Tá dhá bhabhta cáilithe mar chuid den chomórtas i mbliana ar an 11ú/12ú agus ar an 18ú/19ú Feabhra, agus beidh an craobh ar siúl ar an 26ú Feabhra, an tseachtain roimh Sheachtain na Gaeilge. 

Ag caint le The College Tribune dó, dúirt James Knoblauch, “Cé go bhfuil sé ar líne i mbliana, chuir níos mó daoine isteach ar an gcomórtas ná le blianta beaga anuas. Mar thoradh ar an méid daoine a chuir isteach ar Maidens, bhí orainn dhá díospóireacht a dhéanamh le haghaidh gach seachtain.” 

Ceathrar déag a chuir isteach ar Maidens na Gaeilge i mbliana, dhá oiread ná an líon ghlac páirt sa chomórtas anuraidh. Beidh Babhta a Dó de Maidens na Gaeilge ag dul ar aghaidh ar an 18ú Feabhra ar Zoom agus is é Eoin McEvoy a bheas i mbun moltóireachta. Tá fáilte roimh bhreathnóirí ag na babhtaí agus ag an chraobh ach na sonraí Zoom a iarraidh ar an Chumann Ghaelach fríd an ríomhphost [email protected]

Anna-Clare Nic Gairbheith – Eagarthóir Gaeilge