Ar oíche Aoine an 26ú Feabhra 2021, thit craobh Maidens na Gaeilge amach ar Zoom, agus bhí The College Tribune i láthair na hócáide speisialta.
Níor fhág an Cumann Gaelach fuíoll díchill ar chraobh Maidens na Gaeilge in ainneoin gach ainneoin i mbliana, agus eagraithe acu rún spreagúil, painéal moltóireachta agus aoichainteoir as measc mhaithe agus mhóruaisle shaol na Gaeilge, agus bhí siad ann a ghléas in éadaí foirmeálta go fiú.
Chuaigh plúr na n-iomaitheoirí ó bhabhtaí a haon agus a dó in iomaíocht lena chéile, ag tabhairt óráidí snasta craicneacha chun €150 agus corn Adrian Hardiman de dhuais a bhuachan.
Bhí slua mór de lucht féachana i láthair fosta, ionadaithe ó Ghael Linn, Gaeltacht UCD agus Scoil na Gaeilge, an Léinn Cheiltigh, agus an Bhéaloidis ina measc.
Ghlac seisear iomaitheoirí cumasacha ó réimsí staidéir éagsúla páirt sa chraobh, arb iad Colm Ó Ruanaidh, David Walley, Áine Ní Chualáin, Áine Nic an Fhailí, Aisling Nic Cionnaith, agus Liam De Buitléir iad.
Is é James Knoblauch a rinne cathaoirleacht ar an díospóireacht, arb é Oifigeach Díospóireachta an Chumainn Ghaelaigh agus buaiteoir Maidens na Gaeilge anuraidh é.
Ba iad na moltóirí an craoltóir agus an scríbhneoir Cathal Póirtéir, an dlíodóir Antoin Delap, agus an comhlach sinsearach le William Fry Eoin Ó Cuilleanáin. Ba é aoichainteoir na hócáide an fís-iriseoir le RTÉ agus le TG4 Seán Mac an tSíthigh.
Ba é rún craobh Maidens na Gaeilge 2021 ná “Ba chóir don rialtas Gaeltachtaí nua a bhunú,” agus bhí triúr ar a shon agus triúr ina choinne.
An Díospóireacht
Ba é Colm Ó Ruanaidh a chuir tús leis an díospóireacht agus bhí sé ar son an rúin. I gcroílár a chuid cainte a bhí an fhéiniúlacht, agus thagair sé do stair anróiteach na tíre seo faoi thíorántacht na Breataine. Is í buanseasmhacht mhuintir na hÉireann a thug an Ghaeilge slán ón aimsir sin, agus i rith ghéarchéim féiniúlachta an lae inniu is í an teanga a aontaíonn muid daoine Éireannacha, a d’áitigh an mac léinn ríomheolaíochta.
“Is í an bhuanseasmhacht i gcoinne an chruacháis ceann de na príomhghnéithe dár bhféiniúlacht chultúrtha.”
Dar le Colm, tá éileamh athneartaithe na Gaeilge ann anois, agus tá d’oibleagáid ar an stát an t-éileamh sin a chomhlíonadh. Bhréagnaigh sé an cás mar gheall ar easpa airgid, nuair a léiríonn ardú pá polaiteoirí le linn na paindéime gurb ann d’airgead chun Gaeltachtaí nua a bhunú.
Luaigh Colm Gaeltacht Ráth Chairn mar fhianaise de go scaiptear an teanga nuair a bhunaítear Gaeltacht nua. Chuaigh sé níos faide ná sin agus mhol sé gur chóir go mbunófaí Gaeltachtaí i gceantair ina bhfuil béim mhór curtha ar an teanga cheana féin, agus labhair sé go mór ar son na ngaelscoileanna chuige sin. Chuir sé a chontae féin, contae Muineacháin, i gcás, áit a bhfuil 5 ghaelscoil ann i measc daonra de 6 mhíle duine.
Is fiú a lua go ndearna David Walley iarracht pointe eolais a dhéanamh, ach níor ghlac Colm leis.
An chéad duine eile a thug a óráid ná David Walley, agus bhí sé i gcoinne an rúin. Rinne David idirdhealú idir an Ghaeilge mar theanga labhartha agus an Ghaeltacht mar áit ina mbíonn an Ghaeilge á labhairt. Dar leis an mhac léinn leighis, ní mór an Ghaeilge a bheith i gcroí, intinn agus anam na ndaoine chun Gaeltacht a chruthú, agus chuir sé iarrachtaí Gaeltachtaí nua a chruthú i gcosúlacht le gá tíreolaíochta ar aon dul le ‘balla Trump’, gurbh ionann a leithéidí agus an Ghaeilge a chur faoi ghlas laistigh de theorainneacha daingne.
“Mar scoláire leighis, ba mhaith liom vacsaín a thabhairt [don Ghaeilge] ionas gur féidir léi a bealaí féin a dhíriú, a bheith ina teanga bheo láidir.”
Rinne David cás láidir mar gheall ar dhílárnú na sochaí atá i ndán don tír sa ré i ndiaidh na ndianghlasálacha. Thug sé le fios go gciallaíonn an dílárnú go mbeidh gá leis an Ghaeilge i ngach áit, agus gurbh fhearr an teanga a chur chun cinn ar fud na tíre ionas go mbeadh seans ag gach duine í a úsáid ina bpobail féin.
Bhréagnaigh sé an argóint go bhfuil an t-éileamh ann do Ghaeltachtaí nua, á rá aige nár chóir go ndéanfaí eisceacht do mhionlach seachas infheistíocht do chách.
Is fiú a lua go ndearna Aisling agus Colm iarrachtaí pointí eolais a dhéanamh, ach níor ghlac David leo.
Labhair Áine Ní Chualáin ar son an rúin. Chuir Áine croí a hargóna in iúl go simplí: is í an Ghaeltacht an t-aon áit ina mbeifear tumtha sa Ghaeilge, agus caithfear Gaeltachtaí nua a bhunú ionas go mbeidh an Ghaeilge beo inár bpobail go forleathan. D’áitigh Áine, ar cainteoir dúchais ó Chonamara í, gur trí Ghaeltachtaí nua a bhunú a chaomhnófar, a scaipfear agus a neartófar an teanga, agus thagair sí do Ghaeltacht Ráth Chairn mar eiseamláir.
“Cá dtéann tú le tíocht ar thogha na Gaeilge? Ag Gaeltacht.”
Chaith sí solas ar na deacrachtaí geografacha is cúis le bánú na nGaeltachtaí traidisiúnta agus d’áitigh an mac léinn Dlí le Dlí na Fraince go gcaithfear Gaeltachtaí a bhunú sna háiteanna ina bhfuil an daonra, na poist, na seirbhísí, na háiseanna agus na deiseanna mar is ansin a rachaidh an t-aos óg.
Chruthaigh Áine go bhfuil an t-éileamh ann do bhunú Gaeltachtaí nua chomh maith. Dúirt sí go bhfuil léirithe i dtuairisciú de chuid Gaeloideachas.ie maidir leis an scoilbhliain 2019-2020 go bhfuil éileamh mór ag tuismitheoirí go bhfaighidh a gcuid páistí gaelscolaíocht ag gach leibhéal. Labhair sí faoi Theach na Gaeilge UCD fosta, go bhfuil sé mar a bheadh Gaeltacht neamhoifigiúil ann, agus tá Gaeltacht UCD i ndiaidh pobal Gaeilge a chruthú ar champas, dhá thionscnamh a léiríonn éileamh do Ghaeltachtaí lasmuigh den Ghaeltacht.
Is fiú a lua go ndearna David Walley iarracht pointe eolais a dhéanamh ach níor ghlac Áine leis.
Labhair Áine Nic an Fhailí i gcoinne an rúin. Leag sí béim ina cuid cainte ar an tábhacht atá leis na Gaeltachtaí seanbhunaithe, mar nuair a láidrítear na Gaeltachtaí, láidrítear an Ghaeilge ina hiomláine. Luaigh an mac léinn Dlí agus Gnó fíric ó thuairisc de chuid Údarás na Gaeltachta nach mbeidh an Ghaeilge mar phríomhtheanga sna Gaeltachtaí i gceann 5 bliana. D’áitigh sí gur chóir don rialtas na Gaeltachtaí traidisiúnta a shábháil seachas infheistíocht a aistriú uathu chuig Gaeltachtaí nua, nó beidh croílár ár dteanga bainte dínn agus ní bhfaighfear riamh ar ais iad.
“Muna bhfuil ár nGaeltachtaí traidisiúnta ábalta fanacht beo, cén seans atá ag Gaeltacht nua?”
Ghlac Áine le pointe eolais le Colm, a dúirt gur féidir infheistíocht a dhéanamh i nGaeltachtaí nua agus sna seanchinn araon dá bharr gur fhág an Breatimeacht gur féidir an cháin chorparáideach a ardú in Éirinn. Bhréagnaigh Áine an méid sin, á rá aici nach bhfuil an infheistíocht atá á déanamh faoi láthair ag an rialtas éifeachtach.
Tharraing Áine ceisteanna praiticiúla anuas maidir le bunú Gaeltachta nua. Cá mbeadh a leithéid, agus cé a d’athródh a shaol chun bogadh ann, a d’fhiafraigh sí. Luaigh sí mar shampla an tseanGhaeltacht i gcontae an Chláir a mhair idir 1925-1965 amháin. Thairis sin uilig, mhaígh sí nach bhfuil aon suim ag an rialtas i nGaeltacht nua a bhunú: “aisling aoibhinn ach aisling amaideach” atá ann i dtuairim Áine.
Labhair Aisling Nic Cionnaith ar son an rúin. Ba d’Acht na Gaeltachta 2012 is mó a rinne sí tagairt ina hargóint. De réir an achta sin, tá an sainmhíniú ar Ghaeltacht bunaithe ar úsáid na teanga, agus cheangal Aisling an sainmhíniú sin leis na staitisticí sa daonáireamh deiridh in 2016: cónaíonn tromlach de 56 míle cainteoir laethúil lasmuigh den Ghaeltacht, 20% acu sin i mBaile Átha Cliath, agus de réir Acht na Gaeltachta 2012, ba chóir go mbunófaí Gaeltachtaí nua.
“Níl an deis ag muintir na cathrach a saol a chaitheamh trí Ghaeilge, agus cruthaíonn sin an dearcadh go labhraítear an Ghaeilge i gceantracha iargúlta amháin”
Rinne Aisling, ar mac léinn síceolaíochta í, tagairt don scéim ‘Líonra Gaeilge’ a chruthaigh an rialtas chun aitheantas a thabhairt do cheantair a bhfuil neart Gaeilge iontu, ar nós Chluain Dolcáin agus Bhaile Locha Riach; d’áitigh Aisling gur chóir don rialtas na líonraí sin a thiontú ina bhfíor-Ghaeltachtaí, áiteanna a bhfuil seirbhísí pleanála teanga iontu cheana féin fosta.
Bhréagnaigh Aisling an argóint nach bhfuil éileamh ann do Ghaeltachtaí nua, nuair atá a mhalairt tugtha le fios sa tsuirbhé “Céard é an scéal?” 2020, ina bhfuil léirithe go bhfuil cumas Gaeilge ag 1.1 milliún duine.
Is fiú a lua go ndearna Liam de Buitléir, David Walley agus Áine Nic an Fhailí iarrachtaí pointí eolais a dhéanamh nár ghlac Aisling leo.
Ba é Liam De Buitléir a chuir deireadh leis an díospóireacht agus bhí sé i gcoinne an rúin. Thug sé an rabhadh nach féidir teanga a bhrú ar dhaoine, mar is léir ó stair na tíre seo agus an cur i gcoinne an Bhéarla a bhíodh ann tráth dá raibh. Chomh maith leis sin, bhí Liam an-cháinteach faoin chóras oideachais lán-Bhéarla, á mhaíomh aige gurb eisean is cúis le fuath daltaí scoile don teanga nuair is é an phríomhaidhm le múineadh na Gaeilge i scoileanna ná H1 a bhaint amach sna scrúduithe.
“Má thagann athrú ar an gcóras, cinnte go n-athróidh meon na ndaoine.”
D’áitigh an mac léinn ríomheolaíochta go bhfuil na Gaeltachtaí go breá mar áiteanna le haghaidh laethanta saoire, ach ní mar áiteanna cónaithe. I gcomparáid leis an Ghaeltacht sheanfhaiseanta, thug sé an sampla de Chill Dara, áit a bhfuil athbheochan láidir teanga ar bun faoi láthair: de réir an daonáirimh deiridh, tá Gaeilge ag 40% den daonra ansin.
Ghlac Liam le pointe eolais ó Cholm, a bhréagnaigh go mbeifí ag brú na Gaeilge ar dhaoine nuair is léir go bhfuil an t-éileamh ann di. D’fhreagair Liam gur léir nach bhfuil daoine ag iarraidh a saol a chaitheamh trí Ghaeilge nuair atá líon na nGaeilgeoirí sna Gaeltachtaí ag titim. Anuas air sin, mhaígh Liam gur bréag í a rá go bhfuil grá don Ghaeilge ag an chuid is mó den tír: luaigh sé tionscnamh ó na saoránaigh de chuid an AE maidir le comhionannas na réigiún, agus nach raibh ach 20% de líon riachtanach na sínithe bainte amach ag Éirinn aimsir na díospóireachta.
I ndiaidh na n-óráidí ar fad, agus fhad is a bhí na moltóirí i mbun cur agus cúiteamh, thug an fís-iriseoir Seán Mac an tSíthigh aoichaint fíor-spéisiúil fán Ghaeilge, an Ghaeltacht agus a thaithí féin mar iriseoir le RTÉ agus le TG4, agus bhí deis ag an lucht freastail neart ceisteanna a chur air.
Na Torthaí
Thug Antoin Delap breith ar son na móltóirí.
Moladh na hiomaitheoirí uilig as díospóireacht bheoga a chruthú, chomh maith le rannpháirtíocht mhaith agus cur i láthair maith a bheith inti.
“Ba mhór an chreidiúint do na cainteoirí uilig go ndearna siad iarracht atmaisféar iomaíoch a chruthú i gcomhthéacs ina bhfuil daoine ag caint le chéile ó chéin is ó chóngar,” a dúirt Antoin Delap.
Moladh an bréagnú tríd is tríd agus an “caighdeán iontach ard labhartha Gaeilge” a thaispeáin gach iomaitheoir.
I ndeireadh na dála áfach, ba í buaiteoir an chomórtais Aisling Nic Cionnaith. Cuireadh síos d’Aisling an sainmhíniú is fearr ar an ábhar, tagairtí maithe agus samplaí cruinne, agus, thar rud ar bith eile, cur i láthair iontach slachtmhar.
Is í an iomaitheoir a tháinig sa dara háit ná Áine Ní Chualáin. Creideadh léargas iontach maith ar bhunú Ghaeltacht Ráth Chairn a bheith tugtha ag Áine agus léamh iontach maith a bheith déanta aici ar an tsuirbhé le Gaeloideachas. Thar rud ar bith eile áfach, bhí stíl ghalánta chainte Gaeilge aici.
Agus an bua beirthe léi, bronnfar €150 agus corn Adrian Hardiman ar Aisling, agus bronnfar €100 ar Áine Ní Chualáin sa dara háit.
Corn Adrian Hardiman
Déanann an corn comóradh ar an Bhreitheamh Adrian Hardiman (1951-2016).
Fear a rinne a chion ar son na Gaeilge ab ea Adrian Hardiman. B’iar-bhreitheamh de Chúirt Uachtarach na hÉireann é agus bhíodh sé ina Bhreitheamh Cónaithe ag UCD in 2007. Ba mhac léinn de chuid UCD Hardiman tráth dá raibh fosta, nuair a bhíodh an-bhaint aige le cúsaí díospóireacht agus thug sé a sheal mar uachtarán ar Aontas na Mac Léinn.
Cad é Maidens na Gaeilge?
Is é Maidens na Gaeilge príomhchomórtas díospóireachta de chuid an Chumainn Ghaelaigh agus tá sé ar an fhód le 6 bliana.
Bhí comórtas na bliana seo urraithe agGael Linn, a bhfuil cúsaí díospóireachta ar na sainchúraimí dá gcuid, agus William Fry, atá ar na comhlachtaí dlí is mó in Éirinn agus a bhfuil caidreamh láidir acu leis an Ghaeilge.
Anna-Clare Nic Gairbheith – Gaeilge Editor