Shamhlófaí go mba bháire na fola a bhí ann i Washington thar an deireadh seachtaine. A fhad is a bhí súile na meán ar fad ó gach cearn den domhan ag ullmhú is ag faire ar insealbhú Trump mar chúigiú Uachtarán is daichead ar Stáit Aontaithe Mheiriceá, bhí na mílte agóidithe amuigh ag súil ar shráideanna na príomhchathrach. Shiúil an mhórchuid acu go síochánta, ach bhí dream beag a d’éirigh foiréigneach agus iad ag léiriú a míshásaimh leis an gCeannaire nua a bhí á cheapadh ar a dtír. Gabhadh ar a laghad 217 sna cambúis a bhris amach. Ar ndóigh bíonn ceisteanna i gcónaí faoina spreagann iompar dronganna agus is dócha go mba fhlosc chun foiréigin a bhí i gcuid mhaith den drochiompar seo seachas teachtaireacht thomhaiste pholatúil á tabhairt i leith theacht i gcumhacht Trump. Ach fós féin, léiríonn sé go raibh cuid mhaith daoine a bhí corraithe go maith faoin bhfear atá le bheith i bhfeighil orthu don chéad cheithre bliana eile.

Agus gach seans go bhfuil cúis acu a bheith buartha faoi. Bhíothas ag cur i leith Trump go leor uaireanta i rith a fheachtais go mbíodh sé ag insint bréag. Is cosúil go ndearna sé a leithéid díreach tar éis dó teacht i gcumhacht. Seo thíos dhá ghrianghraf a glacadh ón radharc céanna. Glacadh an ceann ar chlé le linn imshealbhú Trump ar 20 Eanáir 2017, agus an ceann ar dheis i rith imshealbhú Obama ar 20 Eanáir 2009. Mhaigh preasrúnaí Trump, Sean Spicer, go raibh an slua a bhí a láthair ag imshealbhú Trump ar ‘an lucht féachana is mó mar fhinnéithe ar imshealbhú ariamh’. Ach de réir fianaise ó ghrianghraif a glacadh ó uillinneacha éagsúla, taifead den mhéid turas a rinneadh ar iompar poiblí ar na laethanta a bhí i gceist, agus eile, tá saineolaithe sluaite tar éis a rá nach raibh sa slua a bhí i láthair ag ócáid Trump ach aon trian den mhéid a tháinig chuig Obama ocht mbliana roimh ré. Dhealródh sé go bhfuil tús curtha le bréaga ó Theach Bán Trump ón soicind a tháinig sé i gcumhacht.

Ach bheadh an méid seo ag dul leis an gcaoi ar iompair sé féin i rith a fheachtais is cosúil. De réir staidéar teangeolaíochta a rinneadh tá an caighdeán cainte a úsáideann sé ag leibhéal a mbeifí ag súil leis i ngrád a ceathar. Ní dhearna se riamh argóint chuimsitheach shonrach faoin gcaoi a raibh sé ní b’fhearr ná a iomaitheoirí. Laistigh de sheachtain amháin i Nollaig 2015 dúirt sé go raibh a naimhde polatúla “amaideach” ar a laghad tríocha uair. Ionsaithe ad hominem seachas loighic agus fianaise is ea an modh troda is fearr leis.

Tá sé aisteach mar sin gur éirigh le Trump cuid mhaith vótaí a fháil fós féin ó dhaoine a bhfuil céim ollscoile acu. I measc siúd a bhfuil cáilíocht iarchéime acu áfach, bhí tromlach suntasach ag Hilary. Ach fíric atá níos spéisiúla ná go raibh gaol dearfach idir an méid vótaí a fuair Trump agus aois an vótálaí, ach gaol diúltach idir an méid vótaí a fuair Hilary agus aois an vótálaí. Is éard atá á rá anseo ná go raibh mórlach ag Hilary i measc daoine óga agus mórlach ag Trump i measc seanóirí. Bhí an feiniméan céanna le feiceáil i rith vóta Brexit sa Bhreatain. Vótaí coimeádacha á gcaitheamh ag an lucht aosta a mbeidh impleachtaí acu don aos óg ar feadh na mblianta tar éis a mbáis.

An bhféadfaí moladh a thabhairt mar sin, go m’bhféidir go mbeadh sé tráthúil meáchan a chur le vótaí de réir aoise, sé sin le rá go mba thábhachtaí an vóta a chaitheann tú de réir an mhéid blianta a meastar go mbeidh tú fós ar an saol. Fé mar atá faoi láthair, is cosúil go bhfuil ár gcórais dhaonlathacha ‘chóra’ ag bogadh ar dheis i dtreo an phobalachais choimeádaigh, agus ní fios méid ná nádúr na n-impleachtaí a bheidh aige seo go fadtéarmach. Ach tá rud amháin cinnte, is iad na daoine óga, ní na seandaoine, a bheidh thuas ná thíos leis.

_________________________________________________________________

Dónal Ó Catháin |   Scríobhneoir Gaeilge