Pléann Donncha Ó Murchú an dúshlán atá i ndán don Pheil Ghaelach imreoirí óga tallannacha a choinneáil sa spórt neamhghairmiúil.

Tá eolas forleathan ar scéal Jim Stynes, a thug a chúl ar thodhchaí ghlórmhar pheile le foireann shinsear Bhaile Átha Cliath chun aghaidh a thabhairt ar an Astráil, é meallta ag fís rómánsúil an spóirt phroifisiúnta. Ach cérbh é go díreach a spreag Stynes, nach raibh ach ina dhéagóir ag an am, le tabhairt faoi thuras go dtí an taobh eile den domhan? Is cinnte nárbh é an spórt amháin a bhí i gceist, bhí grá aige don pheil ghaelach, cén chúis a dtréigfeadh sé í? Ó bunaíodh an Cumann Lúthchleas Gael beartaíodh go mbeadh an t-amaitéarachas mar bhunchloch na heagraíochta. Maireann an fhís go fóill, agus nuair a théann imreoirí na tíre chun páirce, is ar son a dteaghlach agus ar son a gcontaetha a imríonn siad. Is cinnte nach bhfuil a leithéid le fáil i dtír ar bith eile. Ach an leor é sin d’imreoirí áirithe atá diongbháilte faoin spórt agus a bhfuil fonn orthu a saol a chaitheamh leis? Do dhaoine áirithe, leithéidí Jim Stynes, ní leor an t-amaitéarachas. Teastaíonn uathu siúd go mbeadh an spórt mar ghairm acu. Sna 80idí, tháinig an deis sin chun cinn le bunú an “Turgnaimh Éireannaigh” i Melbourne. Ón mbliain 1982 thosaigh lucht peile na hAstráile ag díriú a n-aird ar pheileadóirí na hÉireann, ag ceapadh go bhféadfaí a gcuid scileanna a úsáid san AFL. Fágann sé seo dúshláin mhóra roimh an CLG. Má theastaíonn uathu an stádas amaitéarach a bhí acu i gcónaí a chaomhnú, agus táimse go láidir den tuairim gur gá, caithfidh siad teacht ar shlite eile chun imreoirí óga uaillmhianacha na tíre a mhealladh ar ais ó shaol galánta an spóirt ghairmiúil. Chomh maith le cúrsaí eacnamaíochta, is é an t-eispéireas a mheallann na himreoirí mar a bhí i gceist i gcás Thaidhg Kennelly agus Tommy Walsh ó fhoireann Chiarraí. Ach tá míbhuntáistí ag baint leis an saol, mar a fuair Kennelly amach, na míbhuntáistí a chuir iachall ar Chiarán Kilkenny Bhaile Átha Cliath filleadh abhaile láithreach bonn. Is minic a bhraitheann imreoirí plúchta agus iad ag streachailt le spórt nach bhfuil aon taithí acu air. Is i ndiaidh cheithre nó cúig bliana de chruatan a thabharfaí aitheantas duit faoi dheireadh. Léiríonn na staitisticí nach minic a bhaineann imreoirí Éireannacha an leibhéal is airde amach. As an 49 imreoir a d’fhág ó 1982, níor éirigh ach le seachtar déag cluiche a imirt ag leibhéal na sinsear thall. An baol atá roimh an CLG anois ná go sciobfaí na himreoirí is sciliúla agus iad fós ina n-ógánaigh. Caithfidh an cumann béim a leagan ar dhea-thréithe na peile gaelaí agus iarracht a dhéanamh an bród a athmhúscailt ina gcuid imreoirí chun nach smaoineoidís riamh faoin spórt a fhágáil. D’fhéadfaí a thuilleadh scoláireachtaí a chur ar fáil ná mar atá faoi láthair, a thabharfadh rogha dóibh siúd a bhfuil an t-airgead ar a n-intinn acu. Ceist chinniúnach atá roimh an CLG  anois nach bhfuil réiteach éasca uirthi ach is gá dul i ngleic léi go práinneach.