Comóradh 2016 ar Éirí Amach na Cásca, casann an Murcach súil ar stair bhunú ár náisiúin

Nach deacair a chreidiúint go bhfuil céad bliain, nach mór, ann ó cuireadh an Piarsach chun báis i bPríosún Chill Mhaighneann sa bhliain 1916. Tá sé ar dhuine de na pearsana is mó a raibh tionchar aige ar stair na hÉireann, fear tiomanta a raibh fís aige don tír, a chreid go bhféadfaí saoirse iomlán a bhaint amach di. Agus sinn ag druidim leis an mbliain 2016, tá an deis againn anois, mar phobal, comóradh a dhéanamh orthu siúd a ghlac seasamh, agus a throid chun an tír a shaoradh. Ach, mar a léiríodh i mbliana, ní fada uainn riamh an chonspóid nuair a bhíonn 1916 faoi thrácht. Tá daoine ann a cháineann an laochadhradh, a deir go bhfuil sé mí-cheart an foréigean a cheiliúradh. Iad siúd atá den tuairim gur cheart gluaiseacht ar aghaidh agus staid na tíre mar atá anois a cheiliúradh, seachas a bheith ag iarraidh teannas a chruthú arís eadrainn féin agus an Ríocht Aontaithe.

An ábhar náire é dearcadh dá leithéid? An fíor go bhfuil “an Mháthair” tréigthe arís ag a pobal? Tá tuairimí éagsúla le cloisteáil i measc na staraithe na laethanta seo. Creideann an tOllamh Diarmaid Ferriter go bhfuil sé de dhualgas ar an Stát comóradh ceart a dhéanamh ar na heachtraí cinniúnacha a bhunaigh é. Tá seisean go láidir den tuairim nár cheart go dtiocfadh an pholaitíocht salach ar fhírinne na staire riamh agus sinn ag cuimhneamh siar. Ar an gcúis seo, tá Ferriter glan i gcoinne an chuiridh a tugadh do bhaill áirithe de theaghlach ríoga Shasana, an Bhanríon Éilís ina measc, freastal ar an ócáid. Aontaím leis go bhfuil rian na polaitíochta le brath ar an ngníomh seo, agus Stát na hÉireann ag iarraidh dea-chaidreamh a choimeád le Sasana i gcónaí, in ionad an ócáid is tábhachtaí i stair na tíre a cheiliúradh go neamhspleách. Ábhar feirge eile is ea an físeán oifigiúil fógraíochta a eisíodh maidir leis an gcomóradh, físeán ina bhfuil leithéidí Bono agus David Cameron, agus nach luann an tÉirí Amach é féin ná iadsan a cailleadh ann beag ná mór. Ní féidir cúl a thabhairt leis an stair, agus caithfear meas a léiriú orthu siúd a mhúnlaigh todhchaí na tíre mar atá anois.

Caithfear cuimhneamh ar thíortha eile mórthimpeall orainn, a bhfuil a gcuid staire chomh fuilteach céanna is atá an stair againne. In 2014, bhailigh na sluaite ag Túr Londain, poipíní ar a mbrollach, le cuimhneamh orthu siúd a cailleadh i gcogaí ar son na Breataine. Ní hamháin sin, ach is ócáid bhliantúil chomh maith é an comóradh ar Réabhlóid Mheiriceá sna Stáit Aontaithe. Cén fáth, mar sin, nár cheart do mhuintir na hÉireann ócáid chuimhneacháin den saghas céanna a bheith againn anseo? Ábhar buartha do dhaoine áirithe is ea go leagfaí béim ró-mhór ar an míleatachas le linn an chomóraidh, ach creidimse go láidir go bhfuil slite eile ann le cuimhneamh orthu siúd a ghlac páirt. Bhí baint mhór ag an litríocht agus ag athbheochan na teanga le gluaiseacht na saoirse. Scríbhneoirí ab ea scata mór de cheannairí an éirí amach agus chuir a gcuid litríochta go mór leis an gcultúr eisceachtúil atá againn sa tír seo. Ba cheart go gcuirfí filíocht leithéidí Sheosaimh Pluincéad i láthair an phobail arís, agus ba chóir na hiarrachtaí a rinneadh maidir le hathbheochan na teanga a thabhairt chun cuimhne. Dar leis an staraí Cormac Ó Comhraí, ní fiú fanacht sa phríomhchathair, áit a bhí mar chroílár na troda, ach ba cheart leathnú amach ar fud na tíre, ag bailiú giotaí breise eolais faoin ról a bhí ag an bpobal Éireannach ar fad sa ghluaiseacht. Is fiú dearcthaí éagsúla a roinnt le daoine chomh maith, iad siúd a bhí ar a suaimhneas le linn an ama agus iad siúd a bhí míshásta leis an Stát. Mar is eol dúinn, bhí an tír roinnte ó thaobh tacaíochta de faoin mbliain 1916, ach cuireann gach dearcadh éagsúil leis an scéal atá le hathmhúscailt an bhliain seo chugainn.

Feictear domsa, de réir a chéile, go gcailltear spéis sa stair de réir mar a ghluaiseann na blianta ar aghaidh. Tá sé ríthábhachtach mar sin, dar liomsa, go ndéanfaí í a mhúscailt arís ag am cuí. Ar deireadh thiar thall, beidh seans againn a leithéid a dhéanamh, agus an bród atá againn ar fad ar ár n-oidhreacht a léiriú arís. Is deis í nach mbeidh chugainn arís go luath, ná caillfimis í.