Ní chuirfidh athrach shaol na hollscoile i mbliana as do chúrsaí Gaeilge, Scéim Theach na Gaeilge agus imeachtaí an Chumainn Ghaelaigh UCD san áireamh. Cé gur ar líne a bheas mórchuid de theagasc na hollscoile an trimeastar seo, tá Teach na Gaeilge lán arís le cónaitheoirí Gaeilge agus tá i gceist ag an Chumann Ghaelach UCD a gclár imeachtaí a reáchtáil go fíorúil.

Ní filleadh ar an champas atá i ndán do mhic léinn UCD i mbliana mar gheall ar an phaindéim reatha a bhaineann le Covid-19. I ríomhphost a sheol Cláraitheoir agus Leas-Uachtarán na hOllscoile, an tOllamh Mark Rodgers, chuig mic léinn ar 22 Meán Fómhair, cuirtear in iúl go mbeidh an ollscoil ag cloí leis na srianta atá leagtha amach faoi Leibhéal 4 i gcáipéis an rialtais ‘Creatchóras na mBeart Srianta maidir le Covid-19’ i dtaobh an Oideachais Tríú Leibhéal, cé gurb iad srianta Leibhéal 3 atá i bhfeidhm ar Bhaile Átha Cliath faoi láthair. 

Deir an tOllamh Rodgers sa ríomhphost go bhfánfaidh campas na hollscoile oscailte, na leabharlanna agus na hárais chónaithe san áireamh, agus go ndéanfar athbhreithniú ar chúrsaí i rith ama.

Tá beartaithe ag Scoil na Gaeilge, an Léinn Cheiltigh agus an Bhéaloidis UCD fosta a gclár cúrsaí a sholáthar go hiomlán ar líne i mbliana, de réir rialacháin sláinte poiblí an rialtais agus treoracha UCD maidir le Covid-19.

Scéim cónaithe do 24 mac léinn a bhfuil Gaeilge líofa acu is ea í Scéim Theach na Gaeilge, atá ar an fhód ón bhliain 2000. Is faoi chúram Ghaeltacht UCD atá an scéim, mar a bhfaigheann mic léinn an deis maireachtáil agus obair le chéile as Gaeilge, agus dúirt Stiúrthóir Ghaeltacht UCD, Clár Ní Bhuachalla, le UCD College Tribune go raibh ‘an-éileamh’ ar áiteanna ar an scéim arís i mbliana. 

Bíonn an Teach lonnaithe in Áras Cónaithe Merville, agus chuir Clár Ní Bhuachalla in iúl gur faoi mhic léinn na scéime a bheas sé na rialacha agus na coinníollacha nua atá leagtha síos ag UCD agus ag na hÁrais Chónaithe maidir le Coivid-19 a leanúint ar mhaithe le hiad féin agus a gcairde a choinneáil slán.

I measc rialacha nua na nÁras Cónaithe UCD, tá fógartha nach bhfuil cead ag cónaitheoirí dul ar cuairt chuig mic léinn a bhfuil cónaí orthu in árais eile, agus go mba chóir go mbuailfear le cairde taobh amuigh nó in áiteanna sóisialta ainmnithe san ollscoil. Tá Stiúrthóir Ghaeltacht UCD dóchasach, áfach, go mbeidh ‘tuiscint agus meas’ ag lucht scéim na bliana seo ar a chéile. 

Tugadh imthreorú do mhic léinn na scéime ar líne agus amuigh faoin aer i mbliana, agus i measc na n-imeachtaí a eagraíodh bhí picnic i Rósghairdín UCD, cluiche corr, tóraíocht taisce, agus tráth na gceist. Beidh an comórtas cócaireachta ag dul ar aghaidh sa Teach arís i mbliana freisin.

Mar chuid de Scéim Theach na Gaeilge, faigheann rannpháirtithe scoláireacht ar fiú €1,500 í nó mar sin. Glactar le mic léinn ar an scéim ar choinníoll go gcuirfidh siad an Ghaeilge chun cinn i saol na mac léinn ar an champas trí thionscnaimh agus tríd ócáidí éagsúla. Ní cosúil go gcuirfidh na socruithe teagaisc fhíorúil bac leis an mhéid sin i mbliana, nó chuir Clár Ní Bhuachalla in iúl do UCD College Tribune go dtabharfar “gach tacaíocht agus treor [do mhuintir an tí] agus tá foireann iontach de mheantóirí againn, iar mhic léinn atá ar fáil chun comhairle a chur ar mhic léinn nua.”

Dream eile a bheas ag cur a gcuid imeachtaí in oiriúint d’ardán fíorúil i mbliana ná an Cumann Gaelach UCD. Dúirt Reachtaire Chumann Ghaelach na bliana seo, Annie Ní Shíocháin, le UCD College Tribune go bhfuil sé i gceist ag an Chumann, atá ina 113ú seisiúin ó bunaíodh é in 1908, leanúint ar aghaidh le himeachtaí ar líne chun an Ghaeilge a chur chun cinn. Dúirt Annie Ní Shíocháin go mbíonn cruinnithe fíorúla ag Coiste an Chumainn go railta chun rudaí a phlé.

Chuir an Cumann Gaelach tús lena gclár imeachtaí i mbliana le Maidin Chaife ar Zoom ar 24 Meán Fómhair mar chuid de Sheachtain na bhFreisear, imeacht ar fhreastail scata maith air. 

“Ba mhaith linn níos mó imeachtaí mar sin a eagrú i rith an tseimeastair,” a dúirt Reachtaire an Chumainn Ghaelaigh. “Is iontach an rud é go bhfuil daoine fós ag iarraidh freastal ar rudaí mar sin, cé nach bhfuil bia saor in aisce ar fáil chun iad a mhealladh!” Beidh Feachtas Teanga an Chumainn Ghaelaigh, a seoladh i Mí an Mhárta níos túisce i mbliana, ag leanúint ar aghaidh fosta. Thug Annie Ní Shíocháin le fios, áfach, go bhfuil an chuma a bheas air sin sna míonna amach romhainn fós le socrú.

Anna-Clare McGarvey – Eagarthóir Gaeilge