Tugann mac léinn aibí John Collins spléachadh dúinn ar a shamlaíonn sé le muinín…

Cad is brí le “muinín”? Chun teacht ar thuiscint ar an gcoincheap ní mór dúinn idirdhealú a dhéanamh idir “féinmhuinín” agus “muinín a bheith agat as duine eile”. Is é an sainmhíniú ar cad is “féinmhuinín” ann ná go bhfuil féinchreideamh cruthaithe in aigne an duine ionas go mbeadh sé ar a chumas aige dul chun cinn a dhéanamh sa saol. Ciallaíonn “muinín a bheith agat as duine eile” go ligeann an duinenó go gceadaíonn an duine féin, dul in iontaoibh ar dhaoine eile nó ar fhórsaí nach bhfuil fá smachtsa, de réir an chreidimh atá aige sa chóras sóisialta.

Ní féidir liom dul i ngleic leis an ábhar go domhain anseo, ag cíoradh sainmhínithe cuimsitheacha nó ag scagadh tuisceana síceolaíochtúla. Ach is mian liom plé a dhéanamh ar na fáthanna a bhíonn le heaspa féinmhuiníne, agus ansin díriú ar na fadhbanna agus ar an dochar a thagann chun cinn má bhíonn an iomarca muiníne agat as daoine eile nó as fórsaí eile sa saol. Creidim go bhfuil tábhacht nach beag ag baint le forbairt féinmhuiníne agus an duine ina pháiste óg, féinmhuinín a fhanann leis ar feadh a shaoil.

Nuair a smaoiním siar ar mo laethanta scoile, tuairim is trí scór bliain ó shin, agus mise i mo pháiste óg, ba bheag tagairt a rinneadh d’fhéinmhuinín. Sna caogaidí agus sna seascaidí bhí na mórinstitiúidí in ard a réime. Bhí muintir na tíre faoi scáth údaráis pholaitíochta dian-choimeádach a raibh an eaglais Caitliceach mar chrann taca aigeTháinig an t-údarás chun cinn faoi choimirce na Breataine sna céadta roimhe sin, go mór mór sa Ré Victeoiriach. Treisíodh lena chumhacht tar éis bhunú an stát nua agus níor mhór duit muinín a chur ann. Níor ceistíodh a údarás ná a pholasaithe agus ba le tromaíocht a cuireadh a rialacha agus a nósanna cinsireachta i bhfeidhm. Cuireadh cosc ar smaointeoireacht intleachtúil agus forbairt chultúir. Bhí seift faoi leith acu le cinntiú nach gcuirfí suas dá chumhacht uileghabhálach.

Ag an am sin bhí greim dhaingean dhocht ag na mórinstitiúidí ar an gcóras oideachais agus tionchar nár bheag acu ar shaol an pháiste scoile. Is cuid de nádúragus de dhúchas an pháiste bheith fiosrach faoin saol, na rialacha a cheistiú agus a smaointí féin a bheith aige nó aici chun teacht ar fhéinchreideamh, ar fhéiniúlacht, agus thar aon ní eile ar fhéinmhuinín. Ach in Éirinn sna caogaidí agus sna seascaidí níor cothaíodh forbairt aigne ná smaointeoireacht mar sin. A mhalairt a bhí ann bhí córas údarásach na mórinstitiúidí i gcónaí airdeallach agus faichilleach agus ba le diansmacht, agus le lámh láidir, a chuir siad cosc ar fhorbairt phearsanta den tsaghas sin. Is brónach an rud é a rá nár tháinig a lán de na páistí, iad anois ina ndaoine fásta, slán sábháilte as an gcóras tromaíochta sin, mar bhí a bhféinmhuinín bainte díobh. I gcásanna áirithe, mar is eol dúinn anois, rinneadh dúshaothrú orthu agus caitheadh go dona leo ar bhonn fisiceach nó síceolaíochta.

Maím go n-eascraíonn drochimpleachtaí as baineadh seo na féinmhuinínede pháistí, ní hé amháin don indibhid atá ina dhuine fásta anois ach don phobal i gcoitinne agus don tsochaí go léir. Bíonn deacrachtaí ag daoine ceangal a dhéanamh lena bhféiniúlacht, lena ndúchas agus fiú amháin lena gcultúr nuair nach mbíonn a bhféinmhuinín ina seilbh acu. Tá ceacht le foghlaim uaidh agus is é sin go bhfuil sé contúirteach go leor an iomarca muiníne a bheith againn as mórinstitiúidí agus déithe beaga a dhéanamh díobh.

Tá athrú suntasach tagtha ar Éire ó shin. Tá cumhacht na mórinstitiúidí ag dul i léig agus cuid acu faoi léigear i láthair na huaire, cliarlathas na hEaglaise Caitlicí agus lucht bhainistíocht shinsearach na nGardaí mar shampla. B’fhéidir go bhfuil an tír ag druidim amach óna ré iarchoilíneach faoi dheoidh. Ach an rud is suntasaí ná go bhfuil féinmhuinín faoi bhláth i measc ógánach na hÉireann anois. Ní gá duit ach féachaint ar an mbanna ceoil “Seo Linn” ó Choláiste Lurgan agus na daoine óga lán le bród, nasctha lena gcultúr. Ardaíonn sé sin mo mheanma.