Le cúpla seachtain anuas, is é an rud is mó atá daoine ag labhairt faoi ná an éagóir a bhí déanta ar mhic léinn UCD nuair a bhaineadh eolas faoi ghinmhilleadh ó “Winging It”, leabhrán a bhí tugtha amach le linn seachtain na bhfreisear i Mí Méan Fómhair. B’í uachtairán Aontais na Mac Léinn, Katie Ascough, a bhí freagrach as an gcinneadh seo a dhéanamh. Tá roinnt mac léinn na hollscoile fíor-fheargach, agus tuigfeá dóibh, go ndearna sí seo de bharr a cuid tuairmí féin mar gheall ar an dtopaic de ghinmhilleadh (tá sí go láidir ina gcoinne).

Toisc gur ábhair teibí é an ginmhilleadh, is muid i lár an ré Repeal, níl mórán béime á chur ar an bhfíric gur raibh sé in aghaidh an dlí an t-eolas sin a bheith sa leabhrán ar an gcéad dul síos. Pé taobh den argóint ar a sheasann tú, tá sé intuigthe go mbaineadh eolas mídleathach ó leabhrán oifigiúil a bhfuil UCD ag cur a hainm leis. Deirtear go bhfuair Ascough comhairle dlíthiúil agus moladh di an t-eolas a tharraingt agus an leabhrán a athfhoilsiú.

Rud tábhachtach eile nach bhfuil á cheistiú ag mórán duine, ná an costas a bhaineann le reifreann agus todhchán (má éiríonn leis an dtáinseamh) a chur ar siúl. Tá fhois againn anois go mbeidh reifreann ann ar an 25ú agus 26ú lá den mhí seo, ach faoin am go bhfuil an ullmhúcháin don todhchán déanta agus an toradh againn, beidh thart ar an méid céanna airgid caite air is a bhí daoine ag gearán gur chostnaigh na leabhrán le athfhoilsiú!! Cá bhfuil an ciall le seo?

Fad is atá an reifreann ag dul ar aghaidh, tá Barry Murphy (Oifigeach C&C) ag glacadh áite Katie mar uachtarán. Ciallaíonn sé seo nach bhfuil éinne in a phost,  agus go bhfuil a dhuailgísí ag titim idir é féin agus na beirt oifigeach eile, rud a chiallóidh nach mbeidh said in ann a bpostanna a dhéanamh i gceart ach oiread.

Rud nach bhfuil fhois ag mórán duine ná má éiríonn leis an reifreann, go nglacfaidh sé go dtí deireadh an tseimeaster uachtarán nua a fháil sa phost. Faoin am go dtagaimid ar ais ní bheidh ach cúpla mhí sa phost ag an uachtarán nua seo go dtí go bhfuil uachtarán 2018/2019 á roghnú again!

Is fiú an ceist seo a chur orainn féin: an bhfuilimid ag fail réidh le Ascough chun pointe a léiriú, go háirithe is muid i lár an ghluaiseacht Repeal, nó an gceapaimid, i ndáiríre,  go bhfuil sí chun tuilleadh damáiste a dhéanamh? Caithfidh go mbheadh uirthi bheith ina hóinsín chun an troiblóid seo a tharraingt anuas uirthi féin arís? Céard é an rud is fearr do mhic léinn UCD? Pé duine thú, pé phost atá agat, nach bhfuil dara dheis tuillte ag gach duine? Mholfainn do dhaoine smaoineamh faoi na rudaí seo sula gcuireann siad tic in aon bhosca ar lá an reifrinn.


Lorraine Stack – Eagárthoir Gaeilge