Tá Na Gaeil Óga, generic an t-aon chumann sa Chumann Lúthchleas Gael a fheidhmíonn trí Ghaeilge amháin i mBaile Átha Cliath ag iarraidh mná a bhfuil spéis acu sa pheil nó sa chamógaíocht a mhealladh. Tá foireann peile na mban ar an bhfód cheana, agus a gcéad chluiche díreach buaite acu ach teastaíonn ó Na Gaeil Óga imreoirí úra a mhealladh le cur leis an bpaineál. Chuige sin a seoladh an feachtas póstaer acu ina bhfuil fir leathnochta ar phóstaeir á scaipeadh.

Bunaíodh an cumann sa bhliain 2011 agus ó shin i leith tá sé ar na cumainn is mó fáis sa chontae agus sa tír féin go deimhin agus os cionn 100 ball cláraithe acu faoi seo. Tá dhá fhoireann na bhfear acu sa pheil, agus tá gach cluiche buaite ag foireann A i mbliana go dtí seo chomh maith le tús iontach ag foireann B. Anuas air sin tá foireann iomána ar na bacáin agus coiste bunaithe faoina comhair. Is ag Ciarán Mac Fheargusa, Bleá Cliathach, a bhí an smaoineamh an chéad lá agus le cabhair Dhaithí De Buitléir agus dream as Coláiste na hOllscoile, BÁC (UCD) tháinig an cumann ar an bhfód. Fuair an scata seo cúnamh ó Chiarán Ó Feinneadha mar bhainisteoir agus ó Mharcas Ó Léanacháin mar oiliúnóir, agus cé go raibh an-deacracht ag an gcumann suíomh oiriúnach a aimsiú i dtús ama tugadh faoi thraenáil le flosc.

Maidir le feachtas na bpóstaer, fuair Na Gaeil Óga spreagadh ón gCumann Clanna Gael Fontenoi. Deir Edel Ní Bhraonáin, cláraitheoir Na Gaeil Óga, imreoir do fhoireann na mban agus mac léinn de chuid na hollscoile seo ‘Tá ball den chumann Cathal Mac Dhaibhéid tar éis roinnt póstaer a dhearadh dúinn, a léiríonn roinnt den fáth gur chóir do chailíní teacht chugainn anseo, ar an gcéad dul síos tá fir bhreátha ann, agus anuas air sin tá an t-atmaisféar iontach, deis Gaeilge a labhairt agus éirí aclaí! Tá foireann peile na mban againn agus sinn ag dreim le foireann camógaíochta amach anseo’

Arsa Aindriú Ó Faoláin, cisteoir Na Gaeil Óga ‘Tá roinnt spraoi ag baint leis na póstaeir, tá súil againn go gcuirfidh siad daoine ag caint fúinn agus go scaipfear an focal! Tá ceann ann de bhainisteoir an chumainn féin Ciarán Ó Feinneadha orthu, is léir gur chaith sé an-chuid ama sa ghiomnáisiam i rith an gheimhridh agus táimid cinnte de go meallfaidh sé na sluaite! Má tá aithne agat ar éinne a mbeadh spéis acu ionainn iarraim ort dul i dteagmháil leo fúinn, agus dála an scéil ní mise atá iontu!’

Tá fáilte roimh fhir mar imreoirí chomh maith agus an-ghá le cúntóirí is traenálaithe na mban is go ginearálta chomh maith. Má theastaíonn tuilleadh eolais ó dhaoine is féidir glao a chur ar an uimhir thíos nó ríomhphost a chur gocumannclg@gmail.com nó teacht ar an ngrúpa ag

 

ww.nagaeiloga.ie agusvtwitter ag @NaGaeilOga.

 

Is imreoir leis Na Gaeil Óga é Eoghan Ó Murchadha.