Lasfar Halla Chathair Bhéalfeirste faoi sholas dearg ar an 21 Bealtaine, agus, cosúil le aon uair eile a mbeadh dath difriúil ar shoilse foirgnimh dá leithéid, beidh teachtaireacht le sonrú sa ghníomh. Is é an dath dearg an dath atá piocthaithe ag An Dream Dearg, grúpa feachtasaíochta a bhfuil tiomanta cearta teanga lucht labhartha na Gaeilge a neartú trí bhíthin Reachtaíocht caoi atá fós le cur i bhfeidhm ag Thionól Tuaisceart Éireann. Is é is aidhm leis an alt seo ná cúlra agus modhsmaointeoireachta an fheachtais a sholáthair, agus míniú a thabhairt ar an baint atá ag gníomhaíochtaí rialtais maidir leis an ábhar. Déantar smaoineamh freisin ar na torthaí praciticiúla ar féidir teacht i ndiadh reachtaíocht caoi a bheith curtha i bhfeidhm sa sféar poiblí.

Usáid na Teanga 

Tá cearta teanga agus ábhair atá bainteach leo i mbéal an phobail le fada an lá sna sé contaetha. Foilsíodh sa bhliain 2017 go raibh Gaeilge 10% den phobail i dTuaisceart Éireann agus go raibh líon na ndaoine ina raibh an teanga á n-úsáid acu ina saol laethúil ag méadú in aghaidh na blianna. In aineoinn sin, níl an ceart ag lucht labhartha an teanga a rogha teanga a úsáid i réimse leathan seirbhísí poiblí, le bac iomlán ar úsáid na teanga sna cúirteanna. Toisc nach bhfuil an teanga ainmnithe mar teanga oifigúil sa tír, níl dualgas dlíthiúil aon fhorbairt a dhéanamh ar dul chun cinn nó soláthair seirbhísí poiblí go forleathan.

Forbairtí Polatiúla le Déanaí

I ndiadh na sáinn phoilitiúil a tharla sa bhliain 2017, tháinig feabhas ar rath na feachtaisí a bhí curtha ar aghaidh ag sa Tionol Tuaisceart Éireann. Siníodh an aontú ‘New Decade Approach Agreement’ sa bhlian 2020, agus an bunsprioc a bhí cúis leisl leis na go mbeadh dulagas níos mó ag na húdaráis inniúla cosaint níos fearr a sholáthair don Ghaeilge agus don Ultais amach anseo. Toisc gur céim dearfach é sin, níl beart déanta air san am atá thart. Gealladh go mbeadh Acht na Gaeilge slánithe níos lú ná céad lá ina dhiadh, ach níor tharla sé sin. Beartaíodh go raibh comhghéilleadh ag teastáil chun cuid de na beartaisí a chur i gcrích. Cuid de na beartaisí sin ná ceantair Gaeltachta nua a shainniú, Commisinéir Teanga na Gaeilge rialtais a chruthú, dualgaisí dlíthiúla i leith soláthair oideachais lán Gaeilge sna scoileanna agus cearta níos fearr agus seirbhisí aistriúcháin a sholáthair do cainteoirí Gaeilge i bhfoirgneamh an tionól féin. Fograíodh sa mean le déanaí nach mbeadh aon athruithe reachtaíochta maidir le stádas na Gaeilge roimh an todhchán don Tionól nua a bheidh ar súil ar an 5 Meitheamh.

Tá mífhoighneacht agus fearg méadaithe i measc an phobal Gaeilge maidir leis na bacannaí institiúdeacha atá fos ag cur isteach ar a gcuid cearta teanga sa tír faoi láthair. Ceaptar go forleathan go bhfuil drogall agus dímheas léirithe ag ceannairí polataíochta i leith na faidhbe agus nach bhfuil dothain aire agus smaoineamh á dtaispeáint acu san am atá thart. 

Cé nach bhfuil caibidil nua an scéil ag teacht go tapa, is féidir tacaíocht a thabhairt do ghrúpaí feachtasaíochta ar nós an Dream Dearg chun do ghuth a ardú in aghaidh an easpa ghnímh. Tá mórshúil eagarthaithe ag an ghrúpa taobh  idir Cultúrlann McAdam Ó Fiaich agus Halla na Cathrach i mBéal Feirste ar an 29 Bealtaine. Is féidir freisin a suíomhanna sóisialta @andreamdearg ar instagram agus @dream dearg ar twitter a leanúint chun tuilleadh eolais a fháil.

Doireann O’Sullivan – Eagarthóir Gaeilge