A raibh, cialis a bhfuil, viagra agus a mbeidh ar siúl ag an gCumann Gaelach

Ba mhaith leis an gCumann Gaelach buíochas ó chroí a ghabháíl le chuile dhuine a chláraigh linn an tseachtain seo caite. Níl an comhaireamh ar fad déanta go fóill ach tá breis is míle go leith ball againn, doctor rud atá iontach ar fad.

 

Le linn na seachtaine bhí Tráth na gCeist, Comórtas Scrabble agus Ceolchoirm againn. D’éirigh thar barr leis an Tráth na gCeist, cé go raibh amhrán sa bhabhta ceoil Disney nach ó scannán Disney a bhí sé. Bhí oíche den scoth againn i gClub an Chonartha ar Shráid Fhearcair ina dhiaidh.

Buaicphointe na Seachtaine ab ea an cheolchoirm. Bhí an ceoltóir gairmiúil Shane Hennessy- a bhí ina Reachtaire ar an gCumann dhá bhliain ó shin- ar stáitse agus thug sé seit uaidh a bhí dochreidte maith, ach go háirithe an taonréad drumaí ar an ngiotár!

 

Bhí éileamh chomh mór sin ar na t-léinte Ducky Ár Lá go mbeidh breis-chinn á nordú go luath, bígí ag faire ar an spás seo.

 

Beidh roinnt maith imeachtaí ag titim amach sa chéad choicís atá romhainn. Beifear ag dul chuig an gContadh chuile Mháirt, beidh Oíche na Céad Bliana againn an tseachtain seo chugainn le píotsa saor in aisce!

Ceardlanna drámaíochta agus díospóireachta, agus díospóireacht ghrinn i gcoinne Choláiste na Tríonóide ag teacht go luath.

Caife agus Comhrá chuile Chéadaoin ag a h1 sa Seomra Caidrimh (B207 Newman).

Turas gailf BYOB agus caint spéisiúil síceolaíochta freisin. Bígí ag faire ar ár leathanach Facebook, Twitter agus bhur ríomhphoist le fanacht thuas chun dáta.