Is é Oireachtas na Samhna an féile is mó agus is gaelaí sa tír dóibh siúd le suim sa Ghaeilge agus cultúr na hÉireann, coincheap bunaithe ar Eisteddfod na Breataine Bige agus níl baint ar bith aige le Tithe an Oireachtais! 

Bíonn díospóireachtaí, comórtais damhsa, filíocht, leabhair á seoladh, imeachtaí do pháistí chomh maith le oíche na mac léinn agus spórt is spraoi ag Club na Féile. Cloisfidh tú idir óg agus aosta ag caint as Gaeilge agus iad ag freastal ar na himeachtaí. 

Bhíodh sé i mBaile Átha Cliath ar feadh na mblianta nuair a cuireadh tús leis ach ó shin i leith is nós d’Oireachtas na Samhna a bheith ar fud na tíre ach i mbliana bhí sé in Iarthar na Cathrach, Baile Átha Cliath. 

Tá taithí ar lucht freastal an Oireachtais ar Chill Airne go háirithe agus bíonn siad sásta leis ar an iomlán mar go bhfuil baile beomhar ann agus go leor brúnna óige ann agus féidir fanacht ann ar chostas réasúnta. Baineann costas réasúnta le mic léinn go spéisialta agus is cuid lárnach iad den fhéile, go háirithe ag an deireadh seachtaine. I mbliana, ní raibh sé de chumas ar na cumainn ollscoile fanacht in Iarthar na Cathrach de dheasca an costais agus ba mhíbhuntáiste é seo. Ní raibh aon rud timpeall Iarthar na Cathrach seachas an t-óstán, mar sin ba dheacair fanacht ann munar íoc tú thart ar €100 ar sheomra san oíche.

unnamed (23).jpg

Bhí an tslándáil ann níos déine i mbliana agus iad ag seiceáil na mbandaí (mar is ceart a dhéanamh) ach ní dhéantaí é sin na blianta eile agus is dócha go raibh atmaisféar éagsúil ann mar gheall ar sin. Ní an raibh cur amach céanna ag daoine is a bhíodh acu ar Chill Airne agus bhí easpa comharthaí ann go háirithe d’imeachtaí na hoíche. Is páirt mhór í an chraic den fhéile ach dhún an beár go luath gach oíche agus bhí línte fada ann, mar sin tháinig deireadh leis an oíche níos luaithe ná ba ghnách. 

É sin ráite, is ostán mór é agus bhí na háiseanna ann. Bhí halla breá mór agus oscailte ann d’Aonach an Oireachtais agus bhí go leor spáis do na comórtais, óráidí agus imeachtaí eile. 

Mar fhocal scoir, bhí an tOireachtas éagsúil in Iarthar na Cathrach ach fós féin bhí an Ghaeilge beo, láidir agus le cloisteáil. Rud eile ná go raibh sé i bhfad níos éasca do mhuintir Bhaile Átha Cliath dul abhaile i ndiaidh na féile!

Tá an chaint ar Ghaillimh don bhliain seo chugainn an-dearfach agus beidh le feiceáil ach is dóigh liom go mbeidh sé an-bheomhar agus le craic dochreidte ar fad. 

 

Cecily Nic Cionnaith – Gaeilge Editor