Siar i 1993 nuair ba rud mídhleathach é an homaighnéasachas in Éirinn, ampoule níor samhlaíodh go mbeadh rud ar nós Páirtnéireacht Shibialta ag lanúin chomhghnéis fiú, gan trácht a dhéanamh ar phósadh comhghnéis taobh istigh de fiche bliain. Ach anois i 2014 cuireadh os comhair an phobail go mbeadh reifreann ar siúl in Éirinn agus rogha le déanamh i 2015 faoin topaic seo.
Thosaigh gluaiseacht na lanúineacha comhghnéis cúpla bliain ó shin agus Acht um Pháirtnéireacht Shibialta agus Cearta agus Oibleagáidí ar Leith do Chomhchónaitheoirí 2010 á sheoladh ag an rialtas. Cheap an rialtas ag an am gur rud foirfe a bhí ann do lanúin chomhghnéis agus b’fhéidir go raibh ach diultaíodh an-chuid rudaí do na lanúineacha seo leis an acht seo chomh maith. Deirtear ar www.citizensinformation.ie go bhfuil na cearta do pháirtnéireacht shibialta “go leathan mar an gcéanna leis na cearta agus oibleagáidí atá ag lanúineacha phósta dá cheile”. Ní deirtear go bhfuil siad mar an gcéanna, áfach. Tá fadhb sa dlí seo i ndáil le leanaí, mar shampla, caomhnóireacht, uchtú, cúram, rochtain ná cothabháil do lanúin chomhghnéis a bhfuil páiste ag duine acu sula ndéanann siad an pháirtnéireacht. Ardaíonn an fhadhb seo mórán ceisteanna go háirithe maidir le bás an tuismitheora i gcás mar sin. Is féidir leis an Stát an páiste a thógáil ón duine a bhí i bpáirtnéireacht lena athair nó lena mháthair agus iad a thógáil as an áit a raibh an teaghlach. Cé go ndeirtear go bhfuil na cearta “go leathan mar an gcéanna” mura bhfuil siad go díreach mar an gcéanna is docha go bhfuil idirdhealú déanta ag an rialtas do shaoránaigh na hÉireann.
Agus coincheap an phósta comhghnéis os comhair an phobail le déanaí, rinneadh taighde ar thuairim na tíre maidir leis an reifreann atá le teacht. Ag tús mhí na Samhna rinne www.journal.ie pobalbhreith ar an seachtú lá agus ba iad na torthaí ná: 76% ar son an phósta comhghnéis, 18% i gcoinne agus 6.5% gan tuairim. Má dhéantar comporáid leis na torthaí seo le pobalbhreith a bhí foilsithe ag www.irishtimes.com ar an dara lá déag de mhí Dheireadh Fómhair bhí 67% ar son, 20% i gcoinne agus 9% gan tuairim. Dúradh chomh maith ar www.irishtimes.com go raibh na mná chun tosaigh agus iad ag caitheamh an vóta “Tá” sa reifreann. Is suimiúil iad na torthaí seo le feiceáil i dtír mar seo agus athrú ollmhór déantá ag an bpobal maidir leis an homaighnéasachas.
Má éiríonn leis an vóta “Tá” is léir go mbeidh daoine aeracha agus na leispiaigh ag mothú ar a gcomprrd agus iad mar shaoránaigh na tíre seo. B’fhéidir go gcloisfear na scéalta ar nós an scéil a bhí foilsithe ar www.mirror.co.uk faoin mbuachaill de thrí bhliana déag d’aois a tháinig amach dá chara agus “You’re awesome no matter what bro and I’m happy that you’re my best friend” ráite ag a chara mar fhreagra. Tháinig an tAcht (Lanuineacha Comhghnéis) Phósta i bhfeidhm ag tús na bliana seo sa Ríocht Aontaithe agus is léir go bhfuil an scéal seo mar thionchar ar conas a mhothaíonn muintir na Breataine agus iad aerach nó leispiach. B’fhéidir faoi dheireadh 2015 beidh an dlí nua i bhfeidhm anseo in Éirinn agus go mbeidh an muinín céanna ag Éireannaigh óga mar a bhí ag an mbuachaill sin le bheith muiníneach as féin.
-Nigel Govan