Jessica Dónal

 

Nóta na n-eagarthóirí: Chuir na heagarthóirí Gaeilge na ceisteanna seo a leanas ar an mbeirt iarrthóir ar phost Reachtaire an Chumainn Ghaelaigh 2014-15, viagra Jessica Ní Mháirtín agus Dónal Ó Catháin (ord na n-ainmneacha, agus na bhfreagraí thíos, cóirithe de réir aibítre). Beidh an toghchán ar siúl ar an Luan seo chugainn san Fhoirgneamh Talmhaíochta (seomra G15) ar a 7i.n. agus is deis í seo don lucht vótála a shocrú cé acu, Jessica nó Dónal, atá ar an iarrthóir is fearr don phost. Chun cothrom na Féinne a thabhairt, agus ar fhaitíos go gceilfeaí rud ar bith ar ár bpobal léitheoireachta, ní dhearnadh eagarthóireacht ar bith ar na freagraí a chuir siad chugainn:

 

1. Tá ráflaí ann gur mian leat cur isteach ar reachtaireacht cumainn eile (Dónal – PsychSoc agus Jessica – TradSoc) mura n-éiríonn leat reachtaireacht an Chumainn Ghaelaigh a bhaint amach. Cén chaoi ar féidir a chruthú gur sa Chumann Gaelach atá do shuim sáite, nó an é go bhfuil teideal an “Reachtaire” uait, cibé ar bith cumann a bheadh faoi do stiúir?

Jessica: Ní hé de bharr an teideal a bhfuilimse ag cur isteach orthu! Tá nasc an-láidir idir an Cumann Gaelach agus Tradsoc agus bhéinnse in ann an Ghaeilge a chur chun cinn cibé cumann atá faoi mo stiúir, ach tuiginn Tradsoc gurb í an CG mo chéad rogha.

Dónal: Smaoineamh fánach ab ea cur isteach ar Reachtaireacht PsychSoc, ar chuir mé deireadh leis nuair a bheartaigh mé cur isteach ar Reachtaireacht an Chumainn Ghaelaigh. I mbliana, d’fhreastail mé ar gach imeacht de chuid an Chumainn Ghaelaigh ar lig m’amchlár dom, fuair mé an post “Head of Irish Language Programming” ar choiste CTN, tá paisean agam an Ghaeilge a chur chun cinn chomh mór is gur féidir liom agus déanfaidh mé mo dhícheall teidil a ghnóthú a ligeann dom mo thionchar ar chur chun cinn na teanga a uasmhéadú.

2. Céard é an locht is mó atá ag an iarrthóir eile, dar leat?

Jessica: Is é mo bharúil go bhfuil easpa taithí ag Dónal ar dhaoine le cúpla focal a spreagadh. Ceapaim go bhfuil sé an-dírithe ar lucht na líofachta.

Dónal: Gan bheith eagraithe a dhóthain do Reachtaireacht. Tá físeán agus forógra geallta aici dá feachtas ach níl siad le feiceáil fós, dhá lá roimh an toghchán, chaithfeadh go mbeifí in ann obair a dhéanamh go rialta le bheith mar Reachtaire feidhmeach agus ceapaim go léiríonn an feachtas atá ag Jess nach bhfuil na scileanna bainistíocht ama cuí aici.

3. Mura dtoghfaí i do reachtaire thú an mbéifeá sásta bheith páirteach sa choiste? Cén ról a ghlacfá ar an gcoiste?

Jessica: Beidh cinnte! Bhí mé dírithe ar an reachtaireacht go dtí seo agus mar sin níor smaoinigh mé ar an ról é féin, seachas go mbeadh mé sásta oibriú le Dónal mura bhfuil an bua agam.

Dónal: Gan amhras. Ba bhreá liom cur isteach ar phost mar chisteoir (Mura bhfuil sé i gceist ag Aoibhinn rith arís) nó rúnaí. Beidh mé bainteach leis an gCumann in ainneoin an toraidh.

4. An dóigh leat go raibh rath ar an reachtaire reatha? Cad chuige a gceapann tú é sin?

Jessica: Is dóigh liom é mar bhí bliain den scoth agam leis an gCumann Gaelach agus is léir go raibh coiste láidir agus éifeachtach roghnaithe. Caithfidh go bhfuil sé rathúil agus Glór na nGael buaite ag an gCumann. Maith sibh!
Dónal: Bhí cinnte! Tá scileanna pearsanta den chéad scoth ag Hughie agus idir é féin agus an Leas-Reachtaire Peadar agus an chuid eile den choiste bhí bliain lán d’imeachtaí curtha i gcrích, an buaicphoine ab ea cuairt Mháire Geoghegan-Quinn. Rinne Hughie sár-obair fiú amháin agus tréimhsí tinnis air.

5. Cén t-athrú(-uithe) a thabharfá isteach an bhliain seo chugainn?

Jessica: Tá sé ar intinn agam aontacht agus cairdeas a chruthú idir na Gaeilgeoirí uilig i gCOBÁC, Tallanna na nGael a spreagadh agus nasc níos fearr a chruthú idir na cumainn eile san ollscoil.

Dónal: Dhíreoinn ar dhreamanna ó shaol na Gaeilge san Ollscoil nach bhfuil bainteach leis an gCumann i láthair na huaire mar atá ráite i m’fhorógra. Chuige seo chuirfinn níos mó imeachtaí air siúl i lár an lae, am a mbíonn daoine ar champas, mar aon le breis-imeachtaí comhaimseartha agus cultúrtha.

6. Céard é an locht is mó atá ort féin?

Jessica: Bímse buartha faoi na rudaí is lú agus uaireannta tagann easpa mhuinín orm dá bharr ach is dócha go léiríonn sé sin go bhfuil suim agam san ábhar. Bhéinn buartha mura raibh mé buartha!
Dónal: Glacaim a lán cúram orm féin, rud a chiallaíonn go mbím strusáilte ó am go chéile nuair a bhíonn roinnt rudaí le déanamh ag an am céanna. Ach táim lán-ábalta na liathróidí uile i mo shaol a choinneáil san aer.

7. Cé acu is tábhachtaí leat: lucht an “cúpla focal” a mhealladh chuig imeachtaí an Chumainn, nó tús áite a thabhairt do lucht na líofachta?

Jessica: Tá an Cumann Gaelach ann ar son duine ar bith a bhfuil suim acu sa Ghaeilge, agus gan amhras táimse ag cur béim ar an lucht le cúpla focal. Ba cheart go mbeidh lucht na líofachta sásta cabhrú leo ó thaobh na teanga de.

Dónal: Beidh mé ag déanamh an dá thrá sin a fhreastal ach déarfainn gur tábhachtaí lucht na líofachta a shásamh mar is iad sin a chuireann an spéis is mó sa teanga agus a bhíonn gníomhach agus paiseanta faoin nGaeilge.

8. Céard é mar a ghríosfaidh tú lucht na chéad bhliana le páirt a ghlacadh sa Chumann?

Jessica: Tá mé ag iarraidh iad a mhealladh ó thús na bliana le himeachtaí a chuirfidh in iúil dóibh nach n-ionann an Ghaeilge sa mheánscoil agus san ollscoil. Tá ceolchoirm, drámaíocht agus cluichí beaga gur féidir le daoine aithne a chur ar a chéile ar intinn agam.

Dónal: D’éagróinn ócáidí sóisialta ag tús na bliana chun go mbeadh an ghlúin óg in ann aithne a chur ar an gCumann agus a chéile. Lena chois sin chinnteoinn go mbeadh teagmhálaí céad bliana ar an gcoiste a mbeadh ag déanamh cumarsáide rialta le baill an Chumainn ón gcéad bhliain.

9. An bhfuil sé ar intinn agat róil choiste eile a chruthú as an nua, iad a fhágáil mar atá, nó fáil réidh le cinn ar leith?

Jessica: Tá mé ag iarraidh trí róil nua a chruthú go dtí seo agus is iad sin ná duine chun dul i dteagmháil leis na ranganna acadúla agus teagmháil leis na class reps, duine chun freastail ar na foghlaimeoirí gaeilge agus bualadh suas leo go rialta agus ansin duine atá chun an nasc a dhéanamh idir cumainn eile agus teagmháil a dhéanamh lena gcoistí.

Dónal: Tá, tá sé i gceist agam poist nua Oifigeach Teicneolaíochta, Oifigeach Gaeltachta/Gaelscoile agus Ceamradóir a bhunú. Athróidh mé post an Oifigigh Litríochta go hOifigeach Litríochta agus Drámaíochta.

10. Tá tú tar éis tacaíocht de shaghas éigin a thabhairt do Ed Campion sa toghchán Oifigeachta (Aontas na Mac Léinn) ach ba ag Éanna Ó Braonáin a bhí an bua. An mbéifeá sásta comhoibriú le hÉanna agus tú mar reachtaire?

Jessica: Is cairde liom iad an bheirt acu agus is mór an trua go raibh orainn duine amháin a roghnú ach tá mé lán sásta oibriú le hÉanna mar go bhfuil smaointí den scoth aige agus is léir go bhfuilimid ag iarraidh an Ghaeilge a spreagadh.

Dónal: Thacaigh mé go hoscailte le feachtas Ed. Cinnte go mbeinn in ann tacú le hÉanna, dúirt mé comhghairdeas leis tar éis dó an toghchán a bhuachan agus roinneamar seó raidió ag tús an tseimeastair seo caite. Tá dea-ghaol eadrainn.

11. Céard é a chuireann tusa chun tosaigh ar an iarrthóir eile, agus cén fáth ar cheart vóta #1 a chaitheamh ortsa seachas air/uirthi siúd?

Jessica: Tá taithí agam ar rudaí a eagrú cosúil le Campa Samhraidh Lán-Ghaelach i Loch Gharman agus chomh maith leis sin tá mé tar éis freastal ar mhórchuid de na himeachtaí agus páirt a ghlacadh iontu as mo stuaim fhéin agus ní mar go raibh orm.

Dónal: Tá taithí agam ar an gcaoi a noibríonn an Cumann Gaelach agus ar conas imeachtaí a eagrú ó bheith i mo chónaí i dTeach na Gaeilge i mbliana, taithí nach bhfuil ag Jess.
Go n-éirí libh sa toghchán! Chomh maith le post an Reachtaire, tá poist eile ar fáil ar choiste an Chumainn 2014-15, sin iad: Cisteoir; Rúnaí; Oifigeach Caidrimh Phoiblí; Oifigeach Gaeilge agus Oifigeach na Chéad Bhliana. Bígí linn ar an Luan.