Seachtain na Gaeilge 2016Beidh Seachtain na Gaeilge COBÁC ar siúl idir an 15 Feabhra agus an 19 Feabhra.

Tosóidh an tseachtain Dé Luain le scaoileadh ballún in aice an locha díreach roimh a haon. Díreach ina dhiaidh beidh Bláthnaid Ní Chofaigh ó RTÉ ag seoladh an tSeomra Chaidrimh athchóirithe. Dóibh siúd ar mhaith leo blas a fháil den teanga Ghaelach nó díreach an méid atá acu a chleachtadh beidh “My First Gaeilge” ar siúl sa Tolglann Domhanda ag a 3, i gcomhpháirt leis an gCumann do Mhic Léinn Idirnáisiúnta.

Tarlóidh tráthnóna caife sa Chuas Dé Mairt idir a 1 agus a 2. Deis chun taitneamh a bhaint as caife, tae agus brioscaí saor in aisce agus cúpla focal agus labhairt ag an am céanna.

Beidh Painéal faoin nGaeilge á reáchtáil i gcomhpháirt leis an L&H i Seomra Mhic Gearailt ag a 4, beidh ainmneacha móra ó shaol na Gaeilge, Aodhán Ó Déa ina measc, i láthair. Beidh fáiltiú fíona sa Bheár tar éis.

An oíche sin beidh TradSoc ag casadh i gClub Chonradh na Gaeilge, 6 Sráid Fhearcair óna 9, áit a mbeidh go leor craic, damhsa agus drabhlás ginearálta.

Ar an gCéadaoin ag a 5, beidh an scannán dátheangach ‘Kings’ a bhfuil duaiseanna buaite aige á léiriú i Léachtlann R, Newman.

An oíche sin sa Seomra Dearg beidh cuid de na fir grinn óga is fearr ón tír seo ar stáitse óna 8 le haghaidh grinn as Gaeilge. Glac leat do dheoch féin!

Beidh Craobh Maidens na Gaeilge LawSoc, urraithe ag Gael Linn, ar siúl i Seomra Mhic Gearailt ar a 6 Déardaoin.

Chun clabhsúr a chur leis an tseachtain ar an Aoine, lorgófar díoltas i gcoinne Chumann Gaelach Choláiste na Tríonóide i gcluiche peile Gaelaí 15-an-taobh.

Beidh taispéantas ‘Torthaí na Réabhlóide’ ag ceiliúradh Stair na hÉireann á léiriú ar urlár 2, Bloc AB Newman óna 12-4 an lá céanna.


Press Release, UCDSU