Is í seo bliain Shinn Féin.  An bhliain is tábhachtaí dóibh le blianta beaga anuas.  An bhliain a bhfuil ag éirí leo tacaíocht na tíre a fháil.  I láthair na huaire, salve tá tuairim na coitiantachta in Éirinn ar son Shinn Féin .  Tháinig said chun cinn i rith na bliana seo mar gheall ar dhrochiompar agus drochíde an chomhrialtais Fine Gael agus Páirtí an Lucht Oibre.  Is pointe comhtheagmhála ollmhór iad na táillí uisce le deanaí.  Tá an rialtas ag baint trialach as na táillí seo a chur i bhfeidhm in Éirinn, malady agus tá hurlamaboc timpeall na tíre chun fáil réidh leo.  Cé atá ag barr na hagóide?  Cé atá i gceannas agus ag eagrú na n-agóidí?  Sinn Féin.

 

Is iad an páirtí polaitíochta is neamhbhailbhe agus is paiseanta in éadan na dtáillí uisce.  Ar a leathanach Facebook  fiú, sales cuireann siad roinnt rudaí suas ag léiriú an méid atá á dhéanamh acu chun stop a chur ar na táillí.  Ag tús na Samhna, d’fhógair Mary Lou McDonald, leascheannaire Sinn Féin, nach mbeadh sí ag íoc as a táillí uisce.  Duirt sí go raibh sé ar intinn aici íoc astu, ach nuair a fógraíodh go mbeadh táille bunúsach (€425 de réir an Sunday Times) do gach teach nach seolann an pacáiste uisce ar ais, d’athraigh sí a hintinn.  Anuas air sin, lean ceannaire Shinn Féin Gerry Adams, ag rá nach n-íocfadh sé na táillí uisce.  Tháinig an toscaire Pearse Doherty tar éis na beirte eile chomh maith, ag rá go bhfuil na táillí ag bagairt na mbochtán agus go gcuirfeadh siad a lán daoine i ndoghrainn.  Is páirtí pobalach é Sinn Féin agus tá siad ag tuilleamh a lán measa agus aitheantais toisc go bhfuil siad i gcoinne na dtáillí.  Is taispeántas nirt é: ag fógairt nach mbeadh ceannairí an pháirtí ag íoc as a dtáillí uisce, agus mar is eol do phobal na tíre, is rud iontach é neart.

 

Ach ag an am céanna, tá an comhrialtas i gcruachás faoi láthair, agus tá sé ag titim as a chéile.  Ag tús na Samhna arís, d’éirigh Kevin Callan (méara ar Dhroichead Átha) as a phost toisc nár aontaigh sé leis na táillí uisce.  Tar éis agóide móire i nDriochead Átha, shocraigh sé chun a phost a fhágáil, ag rá go bhfuil an chomhlacht Uisce Éireann ‘tocsaineach’ ó thaobh na polaitíochta de.  An rud ba mheasa ná go raibh an méara ina bhall de Fhine Gael.  Mar gheall ar an ngníomh seo, léirítear don phobal go bhfuil lucht Fine Gael scartha agus míshásta le hUisce Éireann.  I gcodarsnacht le Sinn Féin, is taispeántas éadaingin é seo.  Breathnaíonn siad lag faoi láthair.  Ró-lag chun iompar na saoránach a choimeád faoi smacht .  Chomh maith leis sin, dealraíonn sé go bhfuil cúrsaí ag dul in oclas do Fhine Gael nuair a fograíodh nach mbeidh Páirtí an Lucht Oibre ag tacú lena páirtí comhrialtais Fine Gael sa Seanad.  Shocraigh seanadóirí an Lucht Oibre gan tacú le Fine Gael, nuair a cuireadh rún reifrinn chun tosaigh.  Reifreann chun fáil amach an mbeadh an chomhlacht Uisce Éireann ag fánacht mar chomhlacht fostáit nó an mbeadh sé ag dul i dtreo an phríobháidithe .  Caitheadh vótaí na seanadóirí agus theip ar Fhine Gael an rún a choimeád as an Dáil.  Faraor, éiríonn cúrsaí níos measa lá i ndiaidh lae do Fhine Gael.  Cruthaíodh conspóid eile nuair a d’fhógair Laura McGonigle, comhairleoir Fhine Gael i gcathair Chorcaí, gur cheart go mbeadh na daoine i mbun agóide ag bailiú an uisce nuair a bhí siad amach ag máirseáil.  Duirt sí go raibh fíorbhrón uirthi tar éis na heachtra.  Ach arís, léirigh Laura McGonigle nach bhfuil Fine Gael sásta le daonra na tíre, agus go gceapann siad go bhfuil na daoine ag dul thar fóir leis na hagóidí.  Is páirtí scaradh agus scaipeadh é Fine Gael anois.

 

Is léir go bhfuil an rialtas seo i ndeireadh na preibe. Is léir go bhfuil olltoghchán i ndán do mhuintir na hÉireann.  Is léir go mbeidh Sinn Féin ullmhaithe.

 – Dónal Ó Gallchóir