Ardaítear ceist na féiniúlachta ag an am seo gach bliain ar na hoileáin seo. Tá Comórtas na Sé Náisiún ag druidim linn arís agus is ar na páirceanna imeartha a throidimid ár gcathanna na laethanta seo. Glaonn lucht rugbaí na hÉireann, discount na hAlbain, agus na Breataine Bige an ‘sean-namhaid’ ar na Sasanaigh, agus tuige nach nglaofaidís? Is tíortha beaga muid, agus úsáidimid spórt mar uirlis a bhaineann lenár bhféiniúlacht. Tá an tír seo ag athrú agus tá sé deacair féiniúlacht na hÉireann a mhíniú, ach is é an cluiche in aghaidh na Sasanach ceann de na hócáidí is tábhachtaí dúinn fós. Bíonn éileamh mór ar na ticéid i gcónaí, ach bhí éileamh as cuimse orthu i 2007.

B’shin an cluiche ba thábhachtaí i stair nua-aimseartha na hÉireann, an chéad chluiche in aghaidh Sasana i bPáirc an Chrócaigh. Thuig muintir na hÉireann go raibh níos mó ná cluiche le buachan ar an lá sin. Den chéad uair riamh, seinneadh ‘God Save the Queen’ san áit inár mharaigh airm an Breataine ceithre shibhialtaigh déag. Cé go raibh agóidí beaga ar siúl, thug lucht leanúna ardmheas don amhrán sin, agus deirtear gur thaispeáin an ócáid sin go rabhamar aibí go leor mar náisiún. Níor canadh ‘Amhrán na bhFiann’ chomh hard riamh, agus tar éis an ruaille buaille ar fad le hamhráin, thugamar léasadh ceart dóibh, agus bhí dhá bhua againn ar an lá sin.

Tá comparáid ann idir an ócáid sin agus le gach rud atá ar siúl i mBéal Feirste faoi láthair leis an mbrat. Cé nach bhfuil féiniúlacht na tíre chomh soiléir is a bhíodh sí, táimid fós tógtha le siombailí, amhráin agus brait. Tá a fhios againn go bhfuil rudaí níos doimhne ar siúl ansin agus nach mbaineann na hagóidí leis an mbrat amháin. Cé nach aontaím leo, tuigim a gcruachás agus tá cead acu agóid a eagrú ach chaill siad meas nuair a thosaigh an foréigean.  Bhí an lámh in uachtar ag na hAontachtaí i mBéal Feirste ar feadh na mblianta. Bhí siad sásta ina stát Protastúnach féin, ach tá ré na nAontachtaithe ag druidim chun deiridh sa chathair. Is léir gur thaitin neamhionannas leo, agus ceann de na rudaí is measa faoi seo ná go bhfuil easpa ceannaireachta ag teacht ó na polaiteoirí. Ní féidir leat sochaí dhaonlathach a bheith agat mura bhfuil polaiteoirí sásta cloí léi. Bhí an rialtas, na póilíní agus an airm acu agus bhí na náisiúnaithe faoi chois acu chomh maith. Le fiche bliain anuas, bhí orthu íobairtí áirithe a dhéanamh; cumhachtroinnt le Sinn Féin agus an R.U.C.; agus an U.D.R. a scor. Shamhlófá go mbeadh na hathruithe sin níos measa dóibh agus nach mbeidís buartha faoi bhrat, agus gabhtar do leithscéal más rud é gur cheap tú go raibh síocháin cheart ansin toisc nach gcloistear scéalta faoi bhuamaí a thuilleadh. Tá ardmheas ag na dílseoirí don bhrat, bheifeá in ann é sin a fheiceáil sna heastáit tithíochta atá lán le brait ar na cuaillí solais agus atá péinteáilte ar na colbhaí. An bhfuil an brat mar shiombail níos tábhachtaí dóibh ná cumhacht sa rialtas nó an siombail iad na hagóidí seo ó dhaoine a bhfuil frustrachas orthu, atá ag cúlú agus ag iarraidh a bhfrustrachas a thaispeáint ionas nach ndéanfar neamhaird orthu? Ceapaim go bhfuil siad mí-shásta toisc nach bhfuil an chumhacht chéanna acu, agus bhain siad úsáid as an mbrat mar shiombail den fhrustrachas sin.

Seans ann nach bhfuil féiniúlacht chomh tábhachtach is a bhíodh sí, ach tá na siombailí a bhaineann léi fós ann. Beidh 50,000 ag caitheamh rud atá glas agus tabharfaidh siad meas d’amhrán Shasana san Aviva ar an 10ú Feabhra nuair a thiocfaidh Sasana, agus leanfaidh na hagóidí i mBéal Feirste ar aghaidh ar feadh tamaill eile. Tá sé ag éirí níos deacra idirdhealú a dhéanamh idir thíortha, agus cé go bhfuilimid níos cosúla lena chéile ná riamh, déanaimid iarracht aon leithscéal a chumadh ar mhaithe le féiniúlacht éagsúil a bhaint amach, agus úsáidimid siombailí cosúil le hamhráin agus brait chun é sin a dhéanamh.

Dáire Ó Braonáin