Reáchtáileadh ócáid shiamsúil i Nasc 2, Leabharlann James Joyce ar an 7 Feabhra, le caint agus ceol ó bhaill an bhanna ceoil KÍLA. Tháinig an banna ar an bhfód 30 bliain ó shin nuair a bhí siad ina ndaltaí meánscoile óga i gCóláiste Eoin, ach tá beocht agus fairsinge a spéise sa cheol ríshoiléir fosta. Thar na blianta d’éirigh leo lucht leanúna a ghnóthú dóibh féin a scaipeann fud fad na hEorpa. Is dócha go mba chuid mhaith den chúis atá leis sin ná gur ceol uilíoch a chasann siad, sé sin le rá go bhféadfadh aon bhall den chine daonna a bhfuil cumas na gcluas acu sult a bhaint as a séiseanna áille. Dúirt Rónán Ó Snodaigh, fear an bhodhráin, i rith na hócáide, go n-athraíonn a gceol chuile huair a bhíonn siad á sheinm, go mbíonn sé éagsúil ag brath ar an atmaisféar, an slua, agus ar a bhfuil ar a n-intinn acusan ag an nóiméad sin. Is cinnte gur dlúththaibhsiú a bhí sa seit ar sheinn siad do mhuintir SPARC – meascán de cheol Gaelach, ailtéarnach agus eile, rith na fuaimeanna binne ar cheol siad isteach ar a chéile chomh smior sin go raibh an seomra ar fad faoi gheasa acu.

Tá an ceol go tiubh ina bhfuil go deimhin. Ní fhéadfaí a chur ina leith go deoraí feasta go gcumann siad a namhráin ar bhealach ró-acadúil, rótheibí, róphleanáilte. Braitheann siad é, braitheann siad an saol, agus tagann an méid seo trasna ar dhóigh chomh nádúrtha go bhfuil sé nach mór ósnádúrtha. Ach is gnáthdhaoine iad ag an am céanna, a bhfuil spéiseanna agus cumais eile acu. Bhí móimint chinniúnach nuair ab éigean do Cholm cúlú siar ó pheil ghairmiúil i Léig na hÉireann le díriú ar an mbanna. Níor chabhraigh an tuarastal íseal do pheileadóirí na hÉireann a mhaígh sé. Paisean eile ina saolta ná an Ghaeilge. Ní cur chun cinn gníomhaíocht teangan an chúis a bhfuil cuid mhaith dá líricí i nGaeilge, ach is deas fós féin é. Mar a mheabhraigh duine den slua, is iarUachtarán Chonradh na Gaeilge a bhí in athair Mhuintir Uí Snodaigh. Chuimhnigh na leaids go mbíodh scaifte leabhar bailithe timpeall an tí (níos mó ná a bhí sa taispeántas leabhair ceoil a bhí leagtha amach sa seomra don ócáid), agus thug siad le fios go mbíodh comhairle faoi leith aige ar sheas amach dóibh fós: Just focan déan é. Cleachtaíonn Kíla an dearcadh sin gan aon agó.

Advert:
Screen Shot 2017-03-02 at 17.08.10

Bhí an imeacht seo ar an gcéad cheann de thrí imeacht a bheidh ar siúl sa tsraith “An Ghaeilge Bheo”, mar chuid de thionscadal SPARC, atá faoi stiúir Oifig na nGairmeacha, urraithe ag Oifig an Chláraitheora agus eagraithe ag Bord na Gaeilge UCD, Leabharlann James Joyce agus mic léinn. Is imeacht dhátheangach a bhí i gceist, bhí ball den bhanna i láthair nach bhfuil Gaeilge ar a thoil aige agus a thug freagraí i mBéarla, ach a dúirt go dtuigeann sé an ‘gist’ den rud a bhíonn á rá acu, agus is dócha gur focal scoir cuí é sin faoi Kíla, gurb eispéaras atá iontu nach féidir ach a dhul i gcion ort.

Bígí ag faire agus ag súil leis an gcéad SPARC eile, a thitfidh amach 7 Márta.

_________________________________________________________________

Sophie Osborne |  Eagarthóir Gaeilge