sickness serif;”>Shuigh mé síos ar an stól le barr súgáin chaite air…bhí sé bog. Leag mé mo mhála leathair síos taobh liom. “A Thiarcais, tá sé trom inniu”, a dúirt mé liom féin de chogar. Ba mhór an faoiseamh dom scaoileadh leis an diabhal ruda, amhail is go raibh buarthaí an tsaoil ag imeacht leis. Bhí Síle im’ aigne ag impí orm gan dul chomh fada leis an gcéad bhraonín sin. “Is liomsa a labhras tú faoi, a chroí”, a deireas sí liom. “Ní chabhróidh bun gloine leat”.
Chas mé timpeall chuig an gcuntar, ag casadh mo dhroma uirthi agus bhuail mé leathuilinn fuaim. Bhí an cuntar mín in áiteanna ach garbh in áiteanna eile, na háiteanna is minice ar shuíodh daoine ann is dócha; in aice na mbairillí. Bhí boladh crua dí san aer timpeall orm ach i ndiaidh na mblianta, níor thug mé aird ar bith air.Ní raibh ach cúigear eile sa tábhairne anocht, oíche chiúin Aoine, rud nach bhfeicfeá go minic. “Nach shin é an rud ab aistí”, a dúirt mé liom féin. Bhí beirt fhear arbh as an gCnoc Beag dóibh, ag comhrá faoi imeachtaí na seachtaine. Fear óg eile, sáite ina ghutháin sa chúinne, ag txt-áil go fiachmhar agus an pionta sa lámh eile aige. Thagadh nóiméad… d’imeodh sé…chaithfeadh sé súil ar an doras. Mura mbeadh sí ann, agus is minic nach mbeadh, slogadh sé siar bolgam dá bheorach ar nós cuma leis.
Bhí m’aird féin dírithe ar an mbeirt eile. Duine dóibh, fear bearrtha, pointeáilte, ag argóint le seanfhear. Bhí cuma bhrocach air. “Tar abhaile, a scraiste!”, arsa an fear. “Ní maitheas ar bith tú a bheith anseo. Tá sí cráite a’at! Nach mbraitheann tú uait í ar chor ar bith?”. Ní raibh leath-chluas éisteachta á thabhairt ag an seanfhear ar a mhac agus le sin, sheas sé in airde le go bhfagfadh sé. Ach sular fhág, scaoil sé uaidh de chogar nimhneach “Go dtachta tú air!”.