Rinneadh gealltanais i gcomhaontú Aoine an Chéasta  breis is fiche bliain ó shin go mbeadh áit cheart an ag nGaeilge i dTuaisceart Éireann. Síníodh i gcomhaontú Cill Rímhinn i 2006 go mbeadh Acht na Gaeilge ann i dTuaisceart Éireann ach ceithre bliana déag níos déanaí, níl Acht na Gaeilge ann ó thuaidh agus mar a sheasann sé níl rialtas fiú ag suí i Stormont. 

Cé nárbh é Acht na Gaeilge a chúisigh lánscor an rialtais i Stormont is é ceann de na cúiseanna nach bhfuil comhréiteach tarlaithe le go mbeadh rialtas feidhmiúil ann anois. Faoi láthair, tá Tuaisceart Éireann trí bliana gan rialtas. Tá an tAcht mar bhac ar réiteach agus bhí réiteach ann beagnach ach ní ghlacfadh an DUP atá mar pháirtí Protastúnach le héileamh d’Acht na Gaeilge agus níl réiteach ann go fóill. 

Is éard a bheadh i gceist le Acht na Gaeilge ná go mbeadh an stádas céanna ag an nGaeilge sa Tuaisceart agus an Bhreatnais sa Bhreatain Bheag, rud a bhí ann ó 1993.

Bheadh an Ghaeilge le feiceáil chomh maith leis an mBéarla ar chomharthaí bóithre agus logainmneacha. Bheadh coimisinéir teanga ann le cosaint a thabhairt don Ghaeilge. D’fhéadfaí cás cúirte a dhéanamh as Gaeilge, rud nach féidir a dhéanamh faoi láthair cé go bhfuil thart ar 10% de dhaonra Thuaisceart Éireann le Gaeilge. Bheadh an gaeloideachas ar comhchéim le hoideachas trí Bhéarla agus ní bhainfeadh míbhuntáiste le hoideachas trí Ghaeilge. Go príomha, an aidhm a bhaineann le hAcht na Gaeilge ná stádas agus cosaint a thabhairt don Ghaeilge agus go mbeadh roghanna ann maidir le Gaeilge a húsáid san oideachas agus tú ag plé leis an Stát. 

scenery

Is ceist chasta í an fhéiniúlacht i dTuaisceart Éireann go cinnte ach tuigtear má breathnaítear ar na moltaí an Achta thuas,nach léireofar dímheas orthu siúd gur cuma leo faoin nGaeilge agus ní bheadh an Ghaeilge brúite ar aon ghrúpaí. Bíonn eagla ar an DUP agus daoine a aithníonn iad féin mar Briotánaigh faoin Acht agus baineann ráflaí agus bréagnuacht leis.

Tá drochéifeacht na mbréag seo chomh láidir nach bhfuil réiteach ann go bhféadfadh rialtas a bheith ag suí i Stormont. Baineann go leor ráflaí nach bhfuil bun nó barr leo leis an Acht agus tá siad dochrach agus iad ag cur as den fhíorchaint agus plé.  Tá eagla ar dhaoine roimh chostas ard a bheith ag baint leis an Acht ach tá plean docht ann a chosnódh níos lú ná £4 milliún sa bhliain. Ceaptar go mbeadh an Ghaeilge brúite ar dhaoine nach bhfuil suim acu sa Ghaeilge sa státseirbhíseach ach níl sé sin fíor. Tá an bréagnuacht seo chomh láidir nach bhfuil an DUP sásta a bheith i Stormont agus tá easaontú mór ann go fóill. 

Tá spriocdháta an Bhreatimeachta istigh anois agus mar sin is gá go mbeidh plé agus rialtas ann i dTuaisceart Éireann níos mó ná riamh. Tá dóchas ann go sroichfear réiteach agus tosaíodh plé idir an DUP atá i gcoinne Acht na Gaeilge agus Sinn Féin atá ar a shon i mí Eanáir. Bhí ionadaithe ó Chonradh na Gaeilge le buaileadh le Julian Smith atá mar Rúnaí Stáit ó Thuaidh ach cuireadh an cruinniú ar athlá gan mhíniú. Bhí cruinniú acu seachtain níos déanaí agus tuairiscíodh go ndearnadh dul chun cinn ann.Tá iarrachtaí ar siúl le réiteach a aimsiú agus is maith an rud é an chaint don dá thaobh agus práinn ag baint le hionadaíocht a bheith ag Tuaisceart Éireann i gceart sa Bhreatimeacht. D’fhéadfadh go bhfuil gá le hidirghabhálaí neodrach  agus ba mhodh é seo a bhí an-éifeachtach le linn na gcainteanna as a d’eascair comhaontú Aoine an Chéasta. 

Is féidir talamh slán a dhéanamh de go bhfuil cearta teanga ann i bPoblacht na hÉireann don Ghaeilge ach is cóir smaoineamh orthu siúd sa Tuaisceart nach bhfuil an stádas céanna ag an nGaeilge dóibh. Tá éileamh agus spéis don Ghaeilge ag dul ó neart go neart. Tá tóir níos láidre ar an nGaelscolaíocht agus tá éileamh d’Acht na Gaeilge ag méadú. Feictear pobail láidre ar son na Gaeilge ina mbíonn ciorcail chomhrá acu, Pop Up Gaeltachtaí, ranganna agus imeachtaí eile as Gaeilge in áiteanna ar nós Béal Feirste, an Ómaigh agus an Iúr. Tháinig grúpa chun cinn darbh ainm an Dream Dearg leis an mana ‘Táimid dearg, dearg le fearg’ agus iad go láidir ar son an Achta. Feictear a haischlib #AchtAnois go minic ar líne agus mar sin níl na héilimh don Acht chun imeacht go luath.

Gealladh cearta teanga don Ghaeilge na cianta ó shin agus feictear domsa nach mbeidh rialtas feidhmiúil ann go dtí go socrófar é sin. Tá cainteanna ar siúl agus tá dóchas ann go mbeidh réiteach ann mar fágadh Tuaisceart Éireann gan rialtas rófhada agus ní dhéanann an easpa ionadaíochta agus plé ceart maitheas do ghrúpa ar bith.

 

Cecily Nic Cionnaith – Eagarthóir Gaeilge