Agus feachtas nua, Gaeilge4All, faoi lán seoil, le breis is 11,500 síniú ag a achainí ar líne, is fíor a rá go bhfuil an Ghaeilge go mór i mbéal an phobail le trí sheachtain anuas. Is é aidhm an fheachtais seo ná múineadh na teanga a athrú ó bhonn sa chóras oideachais, le béim i bhfad Éireann níos mó a chur ar labhairt agus ar chultúr na teanga. Le comhthéacs na faidhbe seo a thuiscint ar an iomlán, áfach, is gá inniúchadh a dhéanamh ar an gcreat dlíthiúil atá i bhfeidhm ag tacú leis an teanga. 

De réir Airteagal 8 an Bhunreachta, an foinse dlí is cumhachtaí sa tír, is í an Ghaeilge chéad theanga oifigiúil agus teanga náisiúnta na tíre seo agus tugtar stádas níos ísle don ‘Sacs-Bhéarla,’ mar atá scríofa ann. Is iad Éire agus an Bheilg an t-aon dhá thír san Eoraip nach bhfuil an teanga oifigiúil ach ag níos lú na 70% den daonra agus is í an tír seo an t-aon tír a bhaineann leas as an mbunreacht chun dul i ngleic le ceist mionteanga mar seo. Ach céard a chiallaíonn an stádas oifigiúil seo? Cuireadh dualgas sainiúil ar an rialtas sa chás Ó Foghludha v McClean in 1934 agus Bunreacht Saorstáit Éireann fós i mbarr a réimse. Dhealraigh Príomh-Bhreitheamh Kennedy gur gá don Stáit “everything within its sphere of action … to recognise the [Irish language] for all official purposes as the National Language,“ agus chinntigh Hardiman B. go gcloífeadh an teoiric seo leis an nua-Bhunreacht. 

Ní mar a shíltear a bhítear, áfach. Cé go bhfuil an stádas dlíthiúil is airde tugtha don teanga, ní fheidhmíonn an córas mar seo ar bhonn praiticiúil. Óna achtaíodh an Bunreacht in 1937, is minic a chuir pobal na Gaeilge an dlí ar an rialtas le go seasfaí le breithiúnas Kennedy P.B. Sa bhliain 2001, deimhníodh gur oibleagáid an Stáit í chuile phíosa reachtaíochta a aistriú go Gaeilge ach fuarthas amach nach raibh sé déanta le fiche bliain. Chomh maith leis seo, dealraíodh nár chearta bunreachtúil é uirlisí reachtúla a aistriú go Gaeilge agus diúltaíodh giúiré a mbeadh Gaeilge líofa ar a dtoil acu a sholáthar do fhear Conamara le blianta beaga anuas. Níos túisce i mbliana, áfach, dhealraigh Ní Raifeartaigh B. gur gá don Stát breitheamh a bhfuil Gaeilge líofa aige a sholáthar “as far as reasonably practical,” ag cur béime ar chearta teanga agus ní ar phróis chuí an dlí. D’aithin sí go ndéantar leatrom ar mhuintir na teanga go rialta sa tír, daoine “usually more respectful of minority rights,” mar chúis leis.  

Is flúirse tacaíochta a sholáthraíonn reachtaíocht ar mhaithe leis an teanga freisin. Is é Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 an reachtaíocht reatha ar an ábhar seo, ag deimhniú go mbeidh haicmí éagsúla comhlachta, fógraí béil agus stáiseanóireachta uilig dátheangach   mar atá leagtha amach ag Airteagal 9(1). Agus obair ar bun ar an mBille Teanga nua faoi láthair, deir TD Sean Kyne go bhfuiltear “ag súil go mbeidh an tAcht nua ina thacaíocht éifeachtach do gach duine ar mhian leis nó léi seirbhísí d’ardchaighdeán i nGaeilge a fháil ón Stát.”  Anuas air seo, cinntíonn an tAcht Iompair go mbeidh chuile chomhartha stáisiún traenach agus chuile thicéad éisithe sa Bhéarla agus Ghaeilge araon. Tugann na hAchtanna seo cuma fheiceálach don teanga sa sféar poiblí agus téann siad i ngleic le dearcthaí an phobail i leith na teanga, rud a spreagfaidh “muinín cultúrtha” sna blianta romhainn mar a deir bean léinn Helen Ó Murchú. 

É seo ráite, ní leor dlíthe breátha agus seirbhísí fairsinge a sholáthar i dtír nach bhfuil cumas na teanga bainte amach ach ag líon beag an daonra. Tá sé in am anois súil a chaitheamh ar an tslí a mhúintear an teanga inár scoileanna le go bhféadfadh an pobal leas ceart a bhaint astu, rud a bpléann an feachtas nua seo leis. 

 

Rob Ó Beacháin – Law Editor