Ba ar an lá dheireanach de mhí Deireadh Fomhair a chuir an t-uachtarán Mícheál D O’Higgín an cainéal teilifíse darb ainm ‘Teilifís na Gaeilge’ ar an saol don chéad uair riamh. An aidhm a bhí aige agus ar ndóigh ag a chuid luch tacaíochta ná spás ar leith a chruthú chun an Ghaeilge a fheiceáil beo, sa bhealach céanna is a bhí an Béarla ann níos mó na 35 bliain níos luatha. B’fhéidir go bhfuil clú ar an gcainéal anois mar gheall ar an dtuairiscú a dhéanann siad ar an fleadh, nó ar na cluichí GAA nó rugbaí a bhionn ar súil chuile sheachtain.( Agus, gan amhras ni féidir neamhaird a thabhairt ar na láithreoirí nuachta ach oiread!)

 Is é mana an gcainéil ná ‘súil eile’. Fiú muna bhfuil ach cúpla clár a bhfuil craolta acu feicthe agat go dtí an bpointe seo, is féidir an smaoineamh sin a aithint go héasca. Chun an bhreithlá mór sin a cheiliúradh, seo iad trí shraith ar chóir daoibh iad a fheisicnt sula mbeidh brú na scrudaithe ag druidim iseach ar bhur gcuid am saor.

Ciara Ní É: Saol trí Ghaeilge

Sa chlár seo, téann scríobhneoir agus file Ciara Ní É ar chamcuairt timpeall na tíre chun taispeántas a dhéanamh ar na pobail Gaeilge éagsúla atá ag boradh faoi láthair. Labhraíonn sí le ceannairí idir óg agus aosta faoina dtaithí leis an nGaeilge agus na beallaí ar tá ar bun acu í a chur chun cinn sa todhchaí. Is poiblíocht mhaith í an tsraith ar ócáidí shóisialta a bheadh ar súil arís le gairid (le cúnamh Dé), ar nós An Pop Up Gaeltacht agus Féile na Gealaí.

Fir, Marú agus Grá

Má tá suim agat i gcúrsaí coiriúla (mar ábhar spéise gan amhras..) is fiú aghaigh a thabhairt ar an tsraith sin. Tugtar athchoimre ar cásanna ar lanúin a raibh caidrimh éigeantach acu agus an chúlra a chur leis na cóir a thit amach dóibh níos déanaí. Chomh maith leis sin, faightear eolas faoin gcóras coiriúla in Éireann agus cúrsaí oibriúchtúla an dlí sa tír seo freisin… oiriúnach do mhic léinn dlí ach go háirithe!

An Balla

Lucht lanúna ‘Dark Tourist’ nó Louis Theroux.. Tá sraith nua agam daoibh! Téann Síle Nic Chonaonaigh ar turas timpeall an domhan chun tuairisciú a dhéanamh ar áiteanna a bhfuil scaoilte mar gheall ar cogaí agus troid. Faightear blas ar cultúr na n-áiteanna agus tuiscint níos fearr ar an slí ina mhaireann na daoine sna háiteanna háiteanna sin in aineoinn an teannas agus an chontúirt a bhíonn mórthimpeall orthu.

Is féidir na cláracha sin a fháil ar Sheinteoir TG4.

Doireann O’Sullivan – Eagarthóir Gaeilge