Ar Zoom a bheas na ranganna agus na haoichainteanna á dtabhairt i mbliana

Rachaidh Tionól Gaeilge UCD ar aghaidh i mbliana ar líne in ainneoin na ndeacrachtaí atá i ndiaidh teacht roimhe de dheasca na paindéime Covid-19. Beidh an clár imeachtaí athbhreithnithe a thitim amach idir 29 Meitheamh agus 1 Iúil 2020 beo ar Zoom.

Ní raibh an dara rogha ag lucht eagraithe an Tionóil ach an ócáid, atá ar an fhód le ceithre bliana anuas, a aistriú ar líne mura gcuirfí ar ceal í. Déanann Gaeltacht UCD/Ionad Domhanda UCD don Teanga agus don Chultúr an Tionól Gaeilge a reáchtáil i gcomhar le Gaelchultúr gach bliain. Tá Gaelchultúr cleachta le bheith ag soláthar acmhainní ríomh-fhoghlama Gaeilge le fada an lá, taithí a bhí ina cuidiú mór leis na socruithe digiteacha nua a chur i bhfeidhm don Tionól i mbliana.

Scoil samhraidh Ghaeilge de chuid An Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath is ea Tionól Gaeilge UCD ar bunaíodh in 2017 é. Tá sé dírithe ar dhaoine fásta agus ar mhic léinn gur spéis leo nó gur réimse staidéir leo an Ghaeilge nó an cultúr Gaelach. Déantar ranganna teanga a thairiscint ag cúig leibhéal agus tugtar sraith aoi-léachtaí as Gaeilge agus as Béarla. Reáchtáiltear imeachtaí cultúrtha Gaelacha fosta.

Cuirfear leangan níos giorra de chlár imeachtaí na scoile samhraidh ar fáil i mbliana, agus dá réir sin beidh ranganna teanga ar siúl idir 16.00 – 18.00 agus aoichainteanna ina ndiaidh idir 19.00 – 20.45 thar na trí lá.

Is é “An Ghaeilge i gComhthéacs Domhanda” téama Thionól Gaeilge 2020. Dúirt Clár Ní Bhuachalla, Stiúrthóir Ghaeltacht UCD, le College Tribune gurb éard a spreag an téama sin ná na rannpháirtithe a d’fhreastal ar an scoil samhraidh sna blianta roimhe seo.

“Is dream iontach spéisiúil iad na daoine a fhreastalíonn ar an dTionól; i gcás cuid acu, bhíodar ag foghlaim na Gaeilge ina dtir féin, cuid eile thugadar faoi chúrsa Gaeilge don chéad uair in UCD;  bhi a scéal féin ag gach éinne,” arsa Clár Ní Bhuachalla.

Is ar an téama sin a bheas na haoichainteanna ag trácht, agus ina measc pléifear ‘TG4 i gcomhthéacs idirnáisiúnta’, ‘Tábhacht stadás oifigiúil na Gaeilge san Aontas Eorpach’, agus ‘Ó Ceanada! An Ghaelainn i gcéin #TrasnaNadTonnta’. Cluinfear ó saineolaithe tionscail lena n-áirítear an tOllamh Kevin Scannell ó Ollscoil Saint Louis agus James Kelly ó Fhondúireacht Ollscoil Éireann Cheanada (ICUF).

Maidir leis na rudaí gur mhaith le Gaeltacht UCD lucht freastail an Tionóil a baint amach i mbliana, luaigh Clár Ní Bhuachalla na deiseanna chun feabhas a chur ar scileanna teanga, “aithne a chur ar Ghaeilgeoirí eile”, agus “tuiscint níos fearr a fháil ar an nGaeilge i gcomhthéacs domhanda”.

“Thar aon rud eile ba mhaith linn [go mbainfeadh na rannpháirtithe] taitneamh as an nGaeilge,” arsa Stiúrthóir Ghaeltacht UCD.

“Bheadh sé go hiontach dá leanfadh an cumarsáid agus an cairdeas eadrainn i ndiaidh na scoile le go mbeadh pobal domhanda na Gaeilge níos láidre fos.”

Is é an fhís atá taobh thiar den Tionól Gaeilge ná go dtabharfar na pobail Ghaeilge áitiúla, náisiúnta agus idirnáisiúnta le chéile chun tacaíocht a thabhairt don Ghaeilge agus chun pobal domhanda na Gaeilge a láidriú trí theagasc ar ardchaighdeán a sholáthar.

ranganna

Dé ghnáth, reáchtáiltear an Tionól Gaeilge thar thréimhse seachtaine de réir clár ama laethúil a mhaireann ó 9.30 ar maidin go dtí 20.00 sa tráthnóna. Gan amhras, is é an caillteanas is mó a bheas le brath i rith Thionól na bliana seo ná easpa na n-imeachtaí cultúrtha ar nós ceardlanna amhránaíochta, léamha filíochta agus taispeántais scannáin.

Ó cuireadh tús leis an Tionól Gaeilge in 2017, tá daoine as gach cearn den domhan i ndiaidh freastal air, daoine as na Stáit Aontaithe, an tSín agus an Afraic Theas ina measc. Anuraidh, d’fhreastal 80 duine ar an Tionól.

 

Is féidir teacht ar thuilleadh eolais maidir le Tionól Gaeilge 2020 ag www.ucd.ie/bnag/ga/seirbhisi/tionolgaeilgeucd, nó ach ríomhphost a chur chuig failte@ucd.ie.

Tá táille níos ísle de €120 ar áit sa Tionól i mbliana.

Anna-Clare McGarvey – Eagarthóir Gaeilge