Bhuel a chairde, tá an t-am seo den bhliain tagtha arís.

Táimid tagtha ar ais ó na J1s ag taisteal ó chathair go cathair agus ag filleadh go hÉirinn gan pingin rua ach lán le cuimhní agus scéalta,ón turas iontach sin chun na Téalainne lán le heilifint,moncaithe ar thránna agus alcól i mbuicéid. Dar ndóigh,tá deireadh tagtha leis na hintéirneachtaí chomh maith in oifig ghalánta i gcathair Bhaile Atha Cliath le hoícheanta amach seachtainiúil go Diceys agus deireadh leis na postanna sa siopa aitiúil sa bhaile.

Pé samhradh a bhí agat,cúpla seachtain ó shin bhíomar ar fad ag gáire faoi na fograí ar an teilifís faoi fhilleadh ar an scoil agus an tromluí roimh daltaí ardteiste (aka mata ardléibhéal). Faraor níor mhair an faoiseamh sin toisc i bpreabadh na súl, táimidne fillte freisin anois.

Nilim dáirire faoin ngearán sin in aon chor! Bhí mé ar Erasmus anuraidh sa Fhrainc, agus cé go raibh am iontach agam lán le taistil, daoine suimiúla agus croissants ón Lidl dhá nóiméad ó m’arásan, bhí mé fós sásta go mbeinn ag filleadh go UCD arís.

Creidim go láidir gur ollscoil an-spéisialta í inar féidir leat a bheith páirteach i ndrámaíocht, leis an raidió, le cumainn nó spórt ach ag an am céanna le céim idir láimhe agat. Tá go leor le bheith as súil le agus is fiú na deiseanna a thapú sula mbíonn orainn aghaidh a thabhairt ar an bhfíorshaol. Deirim é seo le gach éinne mar ní bhíonn sé riamh ródhéanach a bheith páirteach agus gníomhach i saol na hollscoile. Táim féin ag súil le rudaí nua a dhéanamh i mbliana, cé go bhfuil mé i mo bhliain dheireanach , ar nós a bheith ag scríobh don nuachtán seo,zumba, buaileadh le daoine nua agus níos mó.

Tá fáilte ollmhór roimh lucht na céad bliana dár ndóigh ach ní bheidh sé i bhfad sula gcasann siad leis an bhfear is cáiliúla i UCD,librocop é féin. Tá dea-scéal ann faoin leabharlann anois, don chéad uair riamh tá cead caife agus tae a thógáil isteach sa leabharlann, sa chás go bhfuil sé i gcupán gur féidir a athúsáid ár ndóigh! Ní bheidh an obair leath chomh deacair le cupán Barrys nó cappuccino deas le do thaobh agus seans go ardóidh torthaí UCD go heaspónantúil mar nach mbeidh gá leis na sosanna ‘caife’ a mhaireann dhá uair a chloig a dhéanamh chomh minic sin.

Le bliain nua, tagann bliain nua leis na gCumainn, agus ina measc tá an Cumann Gaelach a chuireann an Ghaeilge agus cultúr na hÉireann chun cinn ar champas. Is mise Oifigeach na bhFreisear agus mar sin admhaím go hoscailte go bhfuil mé claonta ar a son! É sin ráite, sula raibh mé ar an gcoiste agus mé sa chéad nó sa dara bliain, bhí na himeachtaí agus baill an choiste go hiontach agus níl aon amhras orm ach go mbeidh an scéal céanna ann i mbliana… b’fhéidir fiú níos fearr !

Beidh réimse leathan imeachtaí ar siúl againn, agus bhíomar an-sásta leis an rannphartíocht a bhí ann ó lucht na céad bliana go dtí seo, agus mar a deirtear  tús maith leath na hoibre.

Leanaimid le himeachtaí spraoiúla agus spéisiúla i seachtain na bhFreisear. Beidh deis agaibh aithne mhaith a chur ar a chéile le ‘Scoráil Sciobtha’ ar an Luan agus rachaimid go dtí an áit is fearr agus is gaelaí ar Shráid Fhearcair, Club Chonradh na Gaeilge nó ‘conradh’ mar a ghlaotar air. Éireoidh rudaí blasta ar an gCéadaoin leis an imeacht ‘Cáca Milis’, nach bhfuil bainteach in aon chor leis an scannán scanrúil ar chúrsa na hardteiste ach beidh cácaí deasa gan aon pheist iontu (geallaim daoibh). Ní stopann cúrsaí spraoi ansin ar an gCéadaoin, beidh ‘Oíche Mhór na bhFreisear’ againn ! Tosóidh an oíche le réamh-ól i UCD lán le cluichí, spórt agus spraoi agus ansin ar aghaidh linn go Everleigh chun píosa rince a dhéanamh. Le deireadh séimh a chur leis an seachtain beidh ‘Tae agus Plé’ ar an Déardaoin. Is féidir scéalta an oíche roimhe a phlé nó biseach a chur ar an tinneas cinn sin le cupán breá tae. Bígí linn agus sinígí suas don chumann ag pobal na bhFreisear.

Beidh imeachtaí iontacha ar siúl i mbliana cosúil le ‘Gaelbreak’, Turas go dtí an Oireachtas, díospóireachtaí, An Triail,oícheanta amach agus go leor rudaí eile. Le bheith ar an eolas faoi na himeachtaí, tabhair like don Chumann Gaelach ar Facebook nó éirigh i do bhall den ghrúpa ‘UCD Freshers – An Cumann Gaelach’.

Mar fhocal scoir, fágfaidh mé sibh le rud (cineál) rúnda i UCD – an seomra caidrimh. Tá seomra ann in Áras Newman B205 ar an dara húrlar ,le tae saor in aisce. Faraor is Lyons atá ann ach is féidir gan amhras an stuif ceart (Barrys) a thógáil isteach tú féin.Labhraítear Gaeilge ann agus tá atmaisféar deas, neamhfhoirmeálta ann chomh maith le micreathonn agus le radharc ar an loch.

Labhair le gaelgóirí eile ó réimse leathan céimeanna agus áiteanna, mar a deir an seanfhocal ‘Labhair í agus mairfidh sí’.

 

By Cecily Nic Cionnaith – Gaeilge Editor