Bheadh a fhios ag éinne a bhfuil cúrsaí polataíochta mar ábhar spéise dóibh gur tháinig deireadh leis an maolú teanga san Aontas Eorpach ag tús na bliana. Is é an bhaint phraicticiúil ar sin ná go bhfuil dualgas ar gach insititúid a bhfuil baint acu leis an tAontas anois chuile cháipéis oifigiúil a aistriú go dtí an Ghaeilge.

Is bean Éireannach í an Ombudsman Eorpach  darb ainm Emily O’Reilly agus thapaigh sí an deis a chuid náisiúnachas  a thaispeáint don domhan mór ina hóráid sa Pharlaimint an mí seo caite. Shocraigh sí an tuarascáil bhliantúil a thaispeáint trí mhean na Gaeilge chun aitheantas a thabhairt ar an ardú stádais atá faoi bhorradh faoi láthair. Ba iad ábhair airgeadais na cloiche ba mhó ar a paidrín, ach d’eascraigh pointe thábhachtach faoi chúrsaí teangmhála aníos ina cuid cainte chomh maith. Bhí si den tuairim go raibh an tréidhearcacht maidir le nósanna rialála fíorthabhachtach, sa lá atá inniu ann ach go háirithe, agus gur chóir do na hinistiúdí uillig a seacht ndicheall a dhéanamh caighdeán árd a choinneáil sa réimse sin amach anseo.

Is éasca an nasc idir teanga agus an dlí a aithint go soiléir, agus baineann sé leis an gcoincheap a aithnítear mar ‘forlámhas an dlí’. Caithfear an deis a thabhairt do shaoránaigh na dlíthe agus treoirlínte oifigiúla a bhfuil feidhm acu orthu a chur ar fáil i slí atá intuigthe. Ní cialaíonn sé sin  go mbeadh an teanga a úsáidtear sna cáipéisí sin so-thuigthe i gcónaí, ach ba cheart iarracht leagan de shaghas éigin dóibh a sholáthair ar son na cothromaíochas.

An féidir a rá go leantar leis an smaoineamh sin in Éirinn faoi láthair? Tharraing cinneadh ón rialtais gan leagan Gaeilge ar threoirlínte maidir le comhartaí COVID 19 a fhoilsiú raic fíochmar sna meáin Gaeilge ag tús na Pandéime. Cé gur foilsíodh ceann níos déannaí sa bhliain, is cruthúnas é sin ar an neamhaird a thugtar ar an Gaeilge mar teanga oifigiúil sa tír seo.

Toisc gur rinneadh an cinneadh ag leibhéal an Aontais, beidh rian na bearta a dtarlóidh amach anseo le brath níos cóngaraí dúinne. Bíonn tíortha eile na hEorpa, cuir i gcás an Eilbhéis, ag plé le níos mó ná teanga amháin lá in ndiadh lae, agus níl claonta ar bith le sonrú sna slite ina gcaithtear leis na teangacha sin ag leibhéal rialtais. Is cosúil go mbeadh brú de shaghas éígin curtha ar Éireann an dea-chleachtas sin a leanúint ón pbointe seo ar aghaigh.

Ba chéim dhearfach é an Bille Teanga a bheith rite ag Dáil Éireann le linn Mí na Nollaig seo caite. Ciallóidh an cinneadh sin  go mbeidh sé mar dhualgas ag an Stáit cainteoirí Gaeilge a fhostú i 20% de na postanna a bhíonn ar fáil sna hearnálacha phoiblí. Is docha go mbeidh tús curtha le feachtaisí fostaíochta faoi dheireadh na blianna seo.

Deir Eoin McEvoy, teicneolaí oideachasúil i gCOBAC go bhfuil sé mar sprioc ag scoil na Gaeilge, an Léinn Cheiltigh agus an Bhéaldoideas mac léinn a chur ar an eolas faoi na deiseanna fostaíochta atá bainteach leis an teanga atá ar fáil faoi láthair.

“Tá an t-ádh dearg linn faoi láthair go bhfuil flúirse post ar fáil don té a bhfuil Gaeilge mhaith acu. 

Níl le déanamh le léargas a fháil ar éagsúlacht na bpost sin ach súil a chaitheamh ar ghrúpa LinkedIn Scoil na Gaeilge, an Léinn Cheiltigh agus an Bheáloidis UCD ag https://www.linkedin.com/groups/12590331/, áit a bpostálaimid eolas nua beagnach gach lá faoi dheiseanna nua atá tagtha chun cinn in earnáil na Gaeilge. 

Tá liosta fada folúntas le fáil ar https://peig.ie/foluntais/ chomh maith nó is féidir an haischlib #siógnabpost a úsáid ar na meáin shóisialta le teacht ar eolas faoi na folúntais is deireanaí. 

Fadó ní raibh i ndán don té ar theastaigh uathu an Ghaeilge a úsáid go gairmiúil ach an mhúinteoireacht ach is iomaí réimse eile anois inar féidir oibriú trí mheán na Gaeilge chomh maith leis an múinteoireacht: díreach anois i mí Feabhra tá poist ar fáil d’aistritheoirí, cócairí, craoltóirí, oifigigh pleanála teanga, profléitheoirí, taighdeoirí, riarthóirí agus bainisteoirí oifige, léiritheoirí, teicneolaithe oideachais, múinteoirí, ceartaitheoirí agus comhordaitheoirí meán sóisialta – agus Gaeilge ina riachtanas dóibh ar fad.

Níltear á rá nach mbeidh dúshláin ar bhealach na spriocanna teanga áirithe sin a bhaint amach. Ní dóigh le héinne gur thar oíche a dtarlóidh na hathruithe móra atá de dhíth sna rannóigí go léir ach oiread. Ach, is torthaí dearfacacha iad na cinntí sin, ag leibhéal an Aontais agus sa dlí Náisiúnta araon, chun stádas cuí a thabhairt don Ghaeilge le gníomhaíochtaí dlíthiúla atá buan agus soiléir.

Doireann Ní Shúilleabháin – Eagarthóir Ghaeilge